Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Conamara agus Tíortha Eile!
Tagtha ó na clódóirí faoi dheireadh! Seo chugainn an cnuasach mór filíochta (2015-2015) le Diarmuid Johnson: leathchéad dán i sé cinn de theangacha éagsúla! Agus tír ar leith ag gabháil le gach teanga de na sé theanga sin, tíortha a bhíonn an file a shiúl agus a thaithí. Bíobla mór na farraige Is é Conamara idir thuaidh agus theas tír na Gaeilge san atlas pearsanta fileata seo. Is tír í féin a bhfuil bíobla mór na farraige le síorléamh ann,...Read More
-
Flaitheas: Lá an Phátrúin
Mura bhfuil an t-úrscéal Flaitheas léite go dtí seo agaibh, inniu an lá! Is é inniu an 9 Meitheamh, Lá Pátrúin Cholmcille, an naomh is ábhar don úrscéal le Proinsias Mac a'Bhaird. San úrscéal álainn dea-scríofa seo, cuirtear Colmcille inar láthair ina steillbheatha mar ógánach, Criomhthann. Agus cé gur saol na n-uasal atá i ndán dó, de bharr thragóid phearsanta, caithfidh sé a dhul sa tóir ar shaol de chineál eile ar fad— agus ní gan stró a thabharfaidh sé...Read More
-
Marú na hApann
Ar an 14 Bealtaine 1752 a tharla Marú na hApann (nó Murt na h-Apann; Murt na h-Apainn) mar a thugtar sa Ghaidhlig ar lámhach Chailein Rua Caimbéil. Is é Séamas Stíobhaird a ciontaíodh sa dúnmharú — fear a crochadh san éagóir, mar a síleadh go coitianta ag an am. Éirí Amach 1745 I Leitir Móir gar do Bhaile a’ Chaolais ar an 14 Bealtaine 1752 a maraíodh Cailean Rua Caimbéal ó Ghleann an Iubhair nó an Sionnach Rua mar a...Read More
-
Bódléar: Míorúilt bheag de leabhar
"Mar a bheadh stiúrthóir ar cheolfhoireann, cóiríonn údair an scéil álainn aoibhinn seo a chuid carachtar; nochtann siad agus labhrann siad ag an nóiméad cuí, deirid a bhfuil ag teastáil le rá i mbeagán focal," a scríobhann an Dr Róisín Ní Ghairbhí faoi Bódléar, an t-úrscéal le Darach Ó Scolaí a bhain Duais an Oireachtais amach i mbliana. "Léiríonn siad le leide a bhfuil le léiriú agus cuirtear pobal agus a gceangal le chéile inár láthair le sonc uillinne, leathchogar...Read More
-
Antain Mac Lochlainn ar liosta na nGradam
Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil an t-úrscéal Éanna Corr le hAntain Mac Lochlainn ainmnithe do Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann, Fógrófar gearrliosta na n-ainmniúchán i mí Feabhra agus bronnfar na Gradaim i mí na Bealtaine. Úrscéal a thugann aghaidh ar shaol ár linne Úrscéal do dhéagóirí is ea Éanna Corr, úrscéal a thugann aghaidh ar shaol ár linne, ar an uaigneas, ar an mbulaíocht, agus ar an misneach is gá le tabhairt faoin saol. "Soléiteacht agus nádúr cainte"...Read More
-
Fiche ar an bhFód
Faoi dheireadh thiar, tá úrscéal nua Choilm Uí Cheallácháin ar a bealach amach chuig siopaí leabhar ar fud na tíre. Is fada léitheoirí ag fanacht muid leis an gcéad úrscéal ó údar an dá chnuasach gearrscéalta Ré na bhFathach agus Tír Mhilis na mBeo — úrscéal a bhuaigh Duais an Oireachtais agus Buaicshaothar na Bliana 2023. Scéal Grá faoi Scáth an Deachtóra Scéal grá agus tragóid atá san úrscéal nua, agus is in Éirinn sa tréimhse 1969-1979 a suitear é,...Read More
-
Bódléar i gCló!
Te bruite as na clódóirí, seo chugainn Bódléar, an t-úrscéal is deireanaí le Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh Bódléar Duais an Oireachtais i mbliana agus tá sé áirithe ag léirmheastóir amháin "mar chlasaic den seánra". File mallaithe agus cantal air! "Saothar álainn míorúilteach" a thug an file Aifric Mac Aodha ar an leabhar nua. Úrscéal é a shuitear i mbaile beag ar an gcósta thiar san 19ú haois. Gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus...Read More
-
Robert Louis Stevenson agus an Ghaeltacht
Úrscéalaí, file, agus scríbhneoir taistil ab ea Robert Louis Stevenson. I nDún Éideann na hAlban a rugadh é, ar an 13 Samhain 1850. I gcaitheamh a shaoil, bhain droch-shláinte dó. Tréimhsí sa Ghaeltacht Ba iad a sheanathair, a athair, a chuid uncailí agus col ceathracha leis a dhear agus a thóg go leor de na tithe solais in Albain, agus chaith Robert féin tréimhsí le linn a óige i nGaeltacht na hAlban fad a bhí a athair ag obair ar...Read More
-
Seoladh Mór an Oireachtais
Ar 4pm Dé hAoine, Lá Samhna, cuirfear tús le seoladh mór Leabhar Breac ag an Oireachtas i gCill Airne. Is i Svuít 1, Leibhéal 1, san INEC a dhéanfar an seoladh. Leabhair nua na bliana Ar na leabhair a seolfar, tá saothair nua leis na scríbhneoirí Colm Ó Ceallacháin, Alan Titley, Antain Mac Lochlainn, Darach Ó Scolaí,agus Proinsias Mac a’Bhaird Ar 4.30pm, seolfaidh Áine Ní Ghlinn dhá leabhar nua do dhéagóirí, ÓRÓ le hAlan Titley agus ÉANNA CORR le hAntain...Read More
-
Duais an Oireachtais buaite ag Bódléar
Cúis ríméid do Leabhar Breac go bhfuil Duais an Oireachtais san úrscéal bronnta ar an úrscéal nua le Darach Ó Scolaí, Bódléar. Tá an leabhar-i lámha na gclódóirí faoi láthair agus beidh sí ar fáil an mhí seo chugainn. Úrscéal éadrom a phléann le nithe tromchúiseacha "Saothar álainn míorúilteach" a thug an file Aifric Mac Aodha ar an leabhar nua. Úrscéal é a shuitear i mbaile beag ar an gcósta thiar san 19ú haois. Gach samhradh, cumann an máistir scoile...Read More