1 Item

Alan Titley

Rugadh Alan Titley i gcathair Chorcaí in 1947. D’fhreastail sé ar Choláiste Chríost Rí, Corcaigh; ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath; agus ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is iad an Ghaeilge, an Fhealsúnacht agus an Béarla na hábhair a ndearna sé staidéar orthu. Bhí sé ina léachtóir le hOideachas agus le Stair i gColáiste Oiliúna Mount Carmel sa Nigéir ó 1967 go 1969, am ar éirigh leis mórán taistil a dhéanamh ar fud na hAfraice. Ó 1969 go 1974 b’oide scoile é i Scoil na mBuachaillí Bodhra sa Chabrach. Ó 1981 i leith, bhí sé i gceannas ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach go dtí gur ceapadh é mar Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh in 2006. D’éirigh sé as sa bhliain 2011 agus é ina Ollamh Emeritus ó shin. Tá cónaí air i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath.

Taibhríodh na drámaí Tagann Godot (Clóchomhar, 1991) in Amharclann na Mainistreach / Amharclann na Péacóige in 1990 agus taibhríodh An ghráin agus an ghruaim in Amharclann Samuel Beckett in 1999. Chomh maith leis sin, chraol RTÉ Radio agus BBC Radio drámaí dá chuid. Is scoláire, colúnaí le The Irish Times, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, staraí liteartha, craoltóir agus drámadóir é Alan. Tá iliomad duaiseanna buaite aige, agus tá Gradam Bistro, 2004 ar cheann de na cinn ba dhéanaí a bhuaigh sé dá úrscéal, Amach (An Gúm, 2004). Scríobh sé agus chuir sé an tsraith teilifíse, Scéal na Gaeilge, i láthair do TG4 sa bhliain 2012.

Foilsíodh úrscéal leis, Gluaiseacht (An Gúm, 2009) in 2009 – scéal atá bunaithe ar inimircigh agus inimrceacht. Is iad na leabhair is déanaí uaidh: Scríbhneoirí faoi chaibidil (Cois Life, 2010), sraith alt ar údair mhóra liteartha na Gaeilge, atá bunaithe ar an tsraith chlár den teideal céanna a craoladh ar RTÉ; Nailing theses: selected essays (Lagan Press, 2011); agus Smuf (An Gúm, 2012), úrscéal do dhaoine óga. D’aistrigh sé leagan de Cré na cille, mórshaothar Uí Chadhain (Yale University Press, 2015).Is é Lámh Lámh Eile an t-úrscéal is deireanaí óna pheann.