Ar 4pm Dé hAoine, Lá Samhna, cuirfear tús le seoladh mór Leabhar Breac ag an Oireachtas i gCill Airne. Is i Svuít 1, Leibhéal 1, san INEC a dhéanfar an seoladh.

Clúdach leabhair, book cover.Leabhair nua na bliana

Ar na leabhair a seolfar, tá saothair nua leis na scríbhneoirí Colm Ó Ceallacháin, Alan Titley, Antain Mac Lochlainn, Darach Ó Scolaí,agus Proinsias Mac a’Bhaird

Ar 4.30pm, seolfaidh Áine Ní Ghlinn dhá leabhar nua do dhéagóirí, ÓRÓ le hAlan Titley agus ÉANNA CORR le hAntain Mac Lochlainn.

Portráid an Scríbhneora, próifíl } Portrait of writer, profilePainéal Mór na Scríbhneoirí

Leanfar de sin le plé ar théama na litríochta agus na scríbhneoireachta idir an Dr Róisín Ní Ghairbhí agus painéal cainteoirí: Colm Ó Ceallacháin, Eilís Ní Anluain, Proinsias Mac a’Bhaird agus Antain Mac Lochlainn.

Ina dhiaidh sn tseisiún sin, ar 5.30pm, seolfaidh an Dr Róisín Ní Ghairbhí na leabhair nua FICHE le Colm Ó Ceallacháin, BLÁTHNAID le Darach Ó Scolaí agus FLAITHEAS le Proinsias Mac a’Bhaird.

portráid, portraitAr deireadh, ar 5.30pm, seolfaidh an Dr Róisín Ní Ghairbhí na leabhair nua FICHE le Colm Ó Ceallacháin, BLÁTHNAID le Darach Ó Scolaí agus FLAITHEAS le Proinsias Mac a’Bhaird.

Beidh fíon agus sóláistí ar fáil.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.