Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 18 Aibreán, seolfar an t-úrscéal nua le Diarmuid Johnson, Ceallach. Is é Antain Mac Lochlainn a sheolfaidh an leabhar le tionlacan Bhríd Harper ar an veidhlín, agus léifidh Diarmuid cúpla mír as an leabhar.

Clúdach | CeallachLeabhar Álainn a Léifear le Práinn

Ag trácht ar an leabhar do Mháire Ní Fhinneadha ar Tuairisc is é a dúirt sí, “Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn … Ní bíobla lán soiscéalta is aitheanta atá anseo ach dialann taistil tráth nárbh éasca … “Sinn caite cnámhach, sinn caolghiallach, ceannscáinte, sinn criosfháiscthe cnagchosach, sinn cuasphlucach críonghéagach. Lorg síne agus slí orainn.

Cillín ar Imeallchríocha na Críostaíochta

Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach.

Tar éis aistear eipiciúil mara, seachrán agus cruatan, bhunaigh Columbanus agus Ceallach mainistreacha in oirthear na  Fraince agus i ndeisceart na Gearmáine. Ach tharla easaontas eatarthu, agus rinne Ceallach cill dá chuid féin ar an uaigneas. Sankt Gallen is ainm do láthair na cille sin inniu – cathair agus ionad léinn i dtuaisceart na hEilvéise.

Portráid den údar | portrait of the authorScéal Cheallaigh: “Rich Poetic Language”

Is é scéal na hEorpa atá sa leabhar seo, agus tá cuid de scéal na Gaeilge ann chomh maith, agus de scéal na comaoine a chuir lucht na Gaeilge ar shaoithiúlacht na hEorpa míle go leith bliain ó shin. Cé nár fhill Ceallach ar Éirinn lena bheo, tá scéal a bheatha slán arís.

Ag trácht ar an leabhar san Irish Times, is é a dúirt Áine Ní Ghlinn,.“The rich, poetic language draws us beautifully into Ceallach’s world.”

Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie

Léigh sliocht as an leabhar: ‘An Eoraip’

Léigh “Mé Ceallach: Ag seo mo Scéal” san iris Nós