Your cart is currently empty!
Léann 7
€20.00
Léann 7: 152 lch; bog; 978-1-913814-49-6
San eagrán seo de Léann, déantar comórtas idir saothar Mháirtín Uí Chadhain agus saothar Franz Kafka; pléitear an nasc idir cúrsaí cultúir agus nathanna na Gaeilge; déantar léamh feimineach ar shaothar Phádraig Uí Chíobháin; déantar mionanailís ar an dán Cionnas do roichfinn rí Oiligh; agus tugtar cuntas grinn ar Phádraig Óg Ó Maolchraoibhe, feidhmeannach de chuid Uí Néill.
Kafka agus Ó Cadhain
San eagrán seo, san alt ‘Glais agus Eochracha: ‘An Eochair’, Franz Kafka agus Ceist na Teanga’ déanann an scoláire Seiceach Radvan Markus comórtas idir saothar Mháirtín Uí Chadhain agus saothar Franz Kakfa.
Pádraig Ó Ciobháin agus Saoirse na mBan
Ina halt ‘An Cultúr Ceilte i Nathanna na Gaeilge’ pléann Katie Ni Loingsigh an nasc idir cúrsaí cultúir agus nathanna na Gaeilge.
Tugann Peter Weakliam léamh feimineach dúinn ar shaothar Phádraig Uí Chíobháin ina alt siúd, ‘Saothar Phádraig Uí Chíobháin agus Saoirse na mBan’.
Niallaigh Thír Eoghain
Ina alt tathagach ‘Dán i nDuanaire Éinrí Uí Néill (†1489): Cúlra, Comhthéacs, agus Anailís’, déanann Gordon Ó Riain mionanailís ar an dán ‘Cionnas do roichfinn rí Oiligh’.
Agus ina alt siúd, tugann Darach Ó Scolaí cuntas grinn dúinn ar Phádraig Óg Ó Maolchraoibhe, feidhmeannach de chuid Choinn Bhacaigh Uí Néill.
Is iad Rióna Ní Fhrighil, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus Mícheál B. Ó Mainnín eagarthóirí Léann 7.
Iris phiarmheasta é Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus taighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 7 taighde ar fhilíocht, ar dhrámaíocht agus ar ghearrscéalaíocht na Gaeilge. Comhfhiontar é Léann idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na Gaillimhe, agus Ollscoil Luimnigh. Is iad Cumann Léann na Litríochta a chuireann an iris in eagar.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
An Ghaeilge sa Dlí
Dáithí Mac Cárthaigh€30.00This book discusses the status of Irish under the Constitution, in case law, and in EU law — both historically and at present. It covers planning law and...
Cuir sa Chiseán -
Ar an Imeall i Lár an Domhain
Markus, Nic Eoin, Nic Mhathúna, Ní Mhuircheartaigh, Ó Conchubhair, Ó Liatháin€40.00Tá an cnuasach aistí taighde seo bunaithe ar rogha páipéar a léadh ag comhdháil idirnáisiúnta lán-Ghaeilge a tionóladh i bPrág i Méan Fómhair 2017. Tugann aistí áirithe anseo...
Cuir sa Chiseán -
Carnabhal na Marbh
Radvan Markus€20.00An academic book that discusses Cré na Cille in the context of the period when translations of the novel are being circulated internationally. The study draws on various...
Cuir sa Chiseán -
Múinídh dom Glao
Michelle O Riordan€15.00The author is widely recognised as an authority on the poetry of the bards from Early Irish literature to the present day, and in particular for her research...
Cuir sa Chiseán