Your cart is currently empty!
Éalú
Éalú: Seo é scéal Chathail agus Vera (tuismitheoirí Líse — a casadh roimhe seo orainn san úrscéal Filleann Seoirse). Baineann an scéal le hóige Líse, agus le teaghlach óg i mBaile Átha Cliath sna 70dí agus 80dí. Caidreamh na dtuismitheoirí atá faoi chaibidil anseo: Cathal agus Vera, a bpósadh, obair agus aontíos, ceannacht tí agus athrú tí, agus teannas na lanúna.
I mBaile Átha Cliath a rugadh Eilís Ní Anluain agus is i mBré, Contae Chill Mhantáin atá a saol fásta caite aici.
Tá a húrscéal Filleann Seoirse sa dara cló anois agus tá sí ag obair ar a húrscéal nua Éalú faoi láthair agus tá súil leis sin sa bhliain 2024.
Tá Filleann Seoirse agus leabhair Ghaeilge eile ar fáil ónár siopa leabhar ar-líne agus ó na siopaí leabhar is fearr sa tír.
A ndúirt na léirmheastóirí faoi Filleann Seoirse:
“Úrscéal réadúil, liriciúil, liteartha scríofa ag Eilís Ní Anluain. Tá macallaí liteartha síos tríd — Ó Conaire agus Ó Cadhain, Lawrence, Eliot agus Frost — agus bean lárnach an scéil ar tinneall ó thús deireadh.” — An tOllamh Angela Bourke, Comhar
Is beag úrscéal mar seo atá againn sa nGaeilge — úrscéal teaghlaigh. Táim ag smaoineamh siar ar Tonn Tuile, scéal ina bhfuil pósadh ag titim as a chéile. Ach anseo tá beirt nach bhfuil iontach sona le chéile, ach atá sásta cur suas le chéile, sásta dul ar aghaidh le chéile. Agus sa méid sin tá sé an-réalaíoch.” — An tOllamh Alan Titley, Comhluadar na Leabhar, Raidió na Gaeltachta
“Iarracht nuálach ionraic é an t-úrscéal Filleann Seoirse ar intinn mhná óige a léiriú agus í ag streachailt le saol an phósta agus an dúil atá aici in ógfhear álainn.” — An Dr Aingeal Ní Chualáin, Feasta
“Ní Anluain’s ability to catch day-to-day life and nuanced feeling is enviable, and she has craſted a very contemporary dialect but one in which the mother tongue is not bleached out of all recognition. And while there is much to admire in her story, equally exciting are the authority and grace with which she writes it. Here is an accomplished author. One looks forward to her next book.” — Pól Ó Muirí, The Irish Times
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Bódléar
Darach Ó Scolaí€18.00I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na...
Cuir sa Chiseán -
Fiche
Colm Ó Ceallacháin€16.00Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc,...
Cuir sa Chiseán -
An Dochtúir Áthas
Liam Mac Cóil€12.50Úrscéal sofaisticiúil, nua-aimseartha é An Dochtúir Áthas a bhaineann adhmad as cúrsaí síocanailíse, as cúrsaí bleachtaireachta, as cúrsaí grinn, agus a thugann go domhain i gcroí na hEorpa...
Cuir sa Chiseán -
Marbhnaí Duino
Rainer Maria Rilke & Máire Mhac an tSaoi€15.00Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Ní hamháin go léiríonn sí acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith...
Cuir sa Chiseán