Bódléar

Darach Ó Scolaí

Original price was: €18.00.Current price is: €15.00.

Bódléar: 136 lch; clúdach crua, 978-1-913814-65-6

Ar fáil ar lascaine go dtí 8 Samhain

I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe.

“Na Filí Mallaithe”

I mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua  “gan cheol gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe’ ón altóir.

Ceiliúradh ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc

Úrscéal é seo a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc.

“Gach caibidil níos pléisiúrtha ná a chéile”

“Nóibhille cruthaitheach samhlaíoch a thugann an léitheoir siar go dtí Éire Ghaelach na hochtú haoise déag agus a bhaineann macalla ní hamháin as filíocht Ghaeilge na tréimhse sin, ach as úrscéalta clasaiceacha na fichiú aoise chomh maith. Tá an teanga fíorálainn saibhir agus gluaiseann an scéal ar aghaidh ina chaibidlí gearra gonta, gach ceann acu níos pléisiúrtha ná a chéile. Áireofar Bódléar mar chlasaic den seánra, ní amach anso, ach láithreach bonn. — Breandán Ó Cróinín

“Saothar greanta míorúilteach”

“Saothar greanta míorúilteach é seo ina ndéantar pósadh álainn idir Éire agus an Fhrainc, idir an fhírinne bhuan agus an stair ghiongach.” — Aifric Mac Aodha

Léigh sliocht as an úrscéal

Éist le sliocht á léamh ag an údar.