Duan na Nollag

Charles Dickens & Pádraig Ua Duinnín

16.00

Duan na Nollag; 120 lch; clúdach crua: 978-1-911363-38-5

Ceann de na scéalta Nollag is cáiliúla a scríobhadh riamh. Úrscéal gearr le Charles Dickens is ea Duan na Nollag (A Christmas Carol), a foilsíodh in 1843. Eagrán nua Gaeilge é seo bunaithe ar aistriúchán an fhoclóirí, an tAthair Pádraig Ua Duinnín, agus é athchóirithe do léitheoirí ár linne ag Maitiú Ó Coimín. Is iad seanléaráidí Arthur Rackham atá mar mhaisiúchán ar an leabhar.

Eibinéasair Scrúg agus Taibhsí na Nollag

San úrscéal gearr clúiteach seo, insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a sheanchomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh. Tar éis a gcuairte, déantar duine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg. Seo é an scéal is cáiliúla riamh faoin Nollaig, agus is ann atá go leor de nósanna na Nollag fréamhaithe — an ghé, an Phutóg Nollag agus an puinse!

Guítear Nollaig shúgach ar bhoic mhóra agus ar bhochtáin araon

“An chuid is fearr den leabhar ná a dheireadh ar ndóigh. An t-athrú iomlán a thagann ar Scrúg. É lán anois le haoibhneas na Nollag. An chearc is mó sa siopa á ceannach aige, toirt Thaidhgín Chaoil inti. É ag guí Nollaig shúgach ar bhoic mhóra agus ar bhochtáin araon. Nuair a phléascann an gliondar agus an t-aoibhneas seo ar fad as lár Scrúig amach is deacair gan iad a bhrath tú féin. Is sa chuid seo a thuigtear an fáth a meallann Duan na Nollag daoine in 2017 féin, gona leaganacha iomadúla.” — tuairisc.ie

Leigh sliocht as Duan na Nollag