Fiche

Colm Ó Ceallacháin

Original price was: €16.00.Current price is: €12.00.

Fiche: 200 lch; clúdach bog; 978-1-913814-64-9

Le réamhordú ar lascaine speisialta roimh an 01 Samhain 2024

Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis. Scéal grá agus tragóid é seo a suitear i saol atá comhthreomhar, ach nach bhfuil ródhifriúil, le saol ár linne féin.

Úrscéalaí sciliúil mealltach

“Tá úrscéalaí sciliúil anseo, a thuigeann conas fiosracht a mhúscailt agus léitheoir a mhealladh isteach i scéal … Ón gcéad radharc táimid gafa ag scéal a nochtann de réir a chéile – Eíre faoi dhaorsmacht agus domhan coimhthíoch ann a n-éiríonn leis, mar sin féin, an léitheoir a mhealladh go hiomlán toisc a fheabhas agus a dhéanann an scríbhneoir ionramháil ar charachtair agus ar dheiseanna na húrscéalaíochta.” —Róisín Ní Ghairbhí

Scéal grá suite in Éirinn atá beagán difriúil

“Scéal breá é seo, scéal grá agus caidrimh, suite in Éirinn atá beagán difriúil ón tír a bhfuil taithí againn uirthi.” —Liam Mac Cóil

I gCorcaigh atá cónaí ar Cholm Ó Ceallacháin. Dhá chnuasach gearrscéalta leis atá i gcló, I dTír Mhilis na mBeo (2017) — saothar a bhain gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin amach — agus Ré na bhFathach (2021). Tá duaiseanna Oireachtais buaite aige, chomh maith le dámhachtainí ón gComhairle Ealaíon. Is é Fiche an chéad úrscéal óna pheann.

Léigh sliocht as an úrscéal.