Éigse na Bruiséile

Aogán Ó hIarlaithe

16.00

Éigse na Bruiséile: 192 lch; clúdach bog; 978-1-913814-74-8

Cnuasach aistí — idir léann, dhrámaíocht agus litríocht — a d’eascair as comhdháil Éigse na Bruiséile 2022.

I mí na Bealtaine 2022 a reáchtáladh Éigse na Bruiséile den chéad uair. Is toradh é ábhar an leabhair seo ar an chéad Éigse sin ‒ iarbhlas tairbheach tarraingteach ar chuid de na himeachtaí a reáchtáladh lena linn. Tá an sean ann: tuairisc chuimsitheach ar an nasc stairiúil atá ag na Gaeil leis an limistéar a dtugtar ‘an Bheilg’ air sa lá atá inniu ann. Tá an nua ann: anailís léirsteanach ar staid chomhaimseartha na Gaeilge in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Agus tá an tsíoraíocht ann: blaiseadh den drámaíocht agus den litríocht araon.

Ar na húdair tá an tOllamh Micheál Mac Craith, Pádraig Ó Laighin, Aogán Ó hIarlaithe, Rua Breathnach, agus Liam Mac Cóil. Is é Aogán Ó hIarlaithe a chuir in eagar.

Is faoin inphrionta Cló Lováin a foilsíodh an leabhar seo.

Léigh an t-alt ar Tuairisc.ie

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.