1 Item

Éigse na Bruiséile

Aogán Ó hIarlaithe

16.00

Éigse na Bruiséile: 192 lch; clúdach bog; 978-1-913814-74-8

I mí na Bealtaine 2022 a reáchtáladh Éigse na Bruiséile den chéad uair.

Idir shean agus nua — agus blaiseadh den tsíoraíocht!

Is éard atá sa leabhar seo cuntas ar chuid de na himeachtaí a reáchtáladh le linn na chéad Éigse sin. Tá an sean ann — tuairisc ar an nasc stairiúil atá ag na Gaeil leis an limistéar den Mhór-Roinn arb é an Bheilg anois é. Tá an nua ann — tráchtaireacht ar staid chomhaimseartha na Gaeilge in Éirinn féin agus thar lear. Agus tá an tsíoraíocht ann — blaiseadh den drámaíocht agus den litríocht araon.

Tá saothair sa leabhar seo leis an Ollamh Mícheál Mac Craith, le hAogán Ó hIarlaithe, le Rua Breathnach agus le Liam Mac Cóil. Tá ann freisin na haithisc a tugadh ar ócáid seolta an leabhair Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht — aitheasc an Dr Seán Ó Riain, agus aitheasc Phádraig Breandán Uí Laighin, údar an leabhair sin.

Is é Aogán Ó hIarlaithe a chuir an leabhar seo in eagar. Faoin inphrionta Cló Lováin a foilsíodh é.

Léigh an t-alt ar Tuairisc.ie

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.