Léann 4

Cumann Léann na Litríochta

15.00

Léann 4: 88 lch; bog; ISSN 1756-204X

Iris phiarmheasta í Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus thaighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 4 taighde ar an athbheochan, ar an drámaíocht, ar an mbeathaisnéis, agus ar an bhfilíocht.

Athbheochan Anoir

‘An tAiséirighe Seiceach – Adhbhar Dóchais do Ghaedhealaibh’: Athbheochan na Seicise in Irisí Éireannacha ag Tús na Fichiú hAoise is teideal don aiste le Radvan Markus ina dtugann sé súil siar ar dhearcadh na nGael ar an athbheochan ina thír dhúchais.

Agallamh ar Ardán

Pléann Éadaoin Ní Mhuircheartaigh le gné den chruthaíocht dhúchasach ina haiste ‘Drámaíocht Dhúchasach? An tAgallamh Fileata ar Ardán na hAthbheochana’.

An Craoibhín faoi Chaibidil

Gné na Gaeilge i saol agus i saothar Dhubhglais de hÍde atá faoi chaibidil ag Liam Mac Mathuna ina aiste siúd, ‘An Craoibhín Aoibhinn, 1874-1880: Suim Phearsanta agus Suim Phoiblí sa Ghaeilge’.

Agus is í an fhilíocht is ábhar do Thríona Ní Shíocháin ina haiste siúd, ‘An Tairseachúlacht Bhuan agus Múnlú na Suibiachta i Nuafhilíocht na Gaelainne’.

Comhfhiontar é Léann 4 idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ollscoil Luimnigh. Is iad Cumann Léann na Litríochta a chuireann an iris in eagar.

Féach Léann 3

Féach Léann 5

Féach Léann 6

Léigh léirmheas ar Léann 6 in ComharTaighde