Your cart is currently empty!
Práinneach
€7.50
Práinneach: 40 lch; clúdach bog: 978-1-909907-34-8
Is fada an bealach é go dtí an Camargue. Tá sin chomh fada ó dheas agus atá sa Fhrainc. Ach tá Cáitín sásta dul i gcontúirt chun a cara mór, Feirdí, a thabhairt slán. Tá sí fiú sásta taisteal … go Práinneach! Seo í an chéad leabhar sa tsraith scéalta ‘Cáitín Chaoch’ leis an scríbhneoir agus ealaíontóir do pháistí, Bruno Heitz.
Brúitín Péisteanna, Toirtín Seangán agus Soufflé Seilidí
Caochán í Cáitín, ainmhí beag a mhaireann faoin talamh ar Mhór-Roinn na hEorpa. Tá sí féin agus a cuid cairde — coiníní, froganna, broic is lucha — ina gcónaí sna tolláin, sna poill agus sna brocaigh atá déanta acu faoin scraith. Agus cé go bhfuil Cáitín caoch is sárchóchaire í — má thaitníonn brúitín péisteanna leat, toirtín seangán nó soufflé seilidí!!! Agus mar gur cócaire maith í, dar ndóigh, níl sí gan cairde!
Trí leabhar ar fad atá sa tsraith nua seo — Práinneach, Seal le Sorcas, agus Preab san Aer. Leabhair iad seo a d’fheilfeadh don léitheoireacht do pháistí sna meánranganna, ach, mar gheall ar an ngreann atá sna scéalta seo, is leabhair iad a d’fheilfeadh do pháistí níos sine freisin, nó dóibh siúd a bhfuil tóir mhór acu ar an léitheoireacht — agus is mór an cúnamh iad na pictiúir mhealltacha!
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Seal le Sorcas
Bruno Heitz€7.50Seal le Sorcas: Tá Cáitín tinn agus deir an Dochtúir Broc nach bhfuil ach aon leigheas amháin ar a cás: aer folláin an tsléibhe. Ach cén chaoi a...
Cuir sa Chiseán -
Preab san Aer
Bruno Heitz€7.50Preab san Aer: Tá Cáitín ag taispeántas ealaíne. Buaileann tuirse í agus síneann sí siar i gceann de na saothair ealaíne. Mo léan géar, scuabann faoileán leis san...
Cuir sa Chiseán -
Róbó-Mhadra
Máire Ní Ghallchobhair€7.50Tá peata madra ag Jeaic. Lúlú an t-ainm atá uirthi. Bíonn Lulú de shíor ag iarraidh a bheith istigh sa teach, agus bíonn Mamaí de shíor á ruaigeadh...
Cuir sa Chiseán