1 Item

An Bhé Ghlas

Cathal Ó Searcaigh

12.00

112 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-56-0

I gcnuasach nua seo Uí Shearcaigh, tá a réim radhairc agus a raon tuisceana níos leithne ná riamh; an domhan sofheicthe agus an domhan dofheicthe á dtabhairt le chéile aige faoi gheasa glé an bhriathair; an léirfhocal cruinn agus an léargas grinn i dtolamh i bhfeidhm i ndéantús an dáin. Mar atá ráite go minic tá gné mhisteach i mbard Mhín a’ Leá agus é ag adhradh na ndúl agus ag altú an daonnaí. Anseo tá sainchreideamh an tseanreachta á cheiliúradh aige go dúilmhear dúshlánach. Seo guth glas na Gaeilge. Ach mar a léirítear sa chnuasach ilghnéitheach seo, ní file an aon phoirt é. Tá sé i dtiúin leis an saol agus é ag freagairt do chúrsaí cinniúnacha ó Ghort an Choirce go Gaza “ag tabhairt teanga don tost a thachtann muid”, mar a tá ráite aige féin. Ag an Oireachtas in 2015, bhain Cathal ó Cearcaigh an chéad duais amach sa chomórtas filochta leis an gcnuasach seo

“Is go ‘fonnmhar, fiáin, fuilchraosach’, mar a deir sé féin linn, a thugann an Searcach faoi dhánta a sholáthar atá ‘gleoite, gléghlan, glórmhar’. — Caoimhin Mac Giolla Léith

“If Ó Searcaigh digs deep, he also digs wide. Arabic poetry, the poetry of Li Bai, innumerable references to the Gaelic song tradition, these and other sources are all part of his poetic context… He is tapping — in the literal sense — into deep archetypal, communal and individual sources, and the poetry is correspondingly rich and deep.” — Paddy Bushe, Poetry Ireland