1 Item

An Bradán Feasa

Darach Ó Scolaí

7.50

40 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-8983324-2-1

Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin sa tír dó. Ba é Fionn mac Cumhaill an ceannaire a bhí ar an bhFiann.

Ach, ó bhí Fionn ina leanbh, bhí a chuid naimhde ag iarraidh é a mharú agus ceannas na Féinne a choinneáil dóibh féin. Chun é féin a chosaint ar na naimhde sin, mhúin an banghaiscíoch Bómall d’Fhionn cén chaoi le troid. Ach chaithfeadh sé foghlaim le bheith níos stuama agus níos cliste ná acute duine ar bith eile beo. Chuige sin, chaithfeadh sé ‘fios an bhradáin’ a bheith aige.

Seo í an chéad leabhar sa tsraith Fionn: Bodach an Chóta Lachna agus Dóiteoir na Samhna an dá leabhar eile sa tsraith. Athinsint ar scéalta laochais do Ghaeil óga atá sa tsraith seo, leis an údar agus ealaíontóir Darach Ó Scolaí, ar sheanscéalta móra na Féinne. Ar na leabhair eile a bheidh sa tsraith tá ‘Bodach an Chóta Lachna’, ‘An Giolla Deacair’, ‘Sí Chuilinn’ agus ‘Bran agus Sceolán’. Eiseofar cluiche cláir na sraithe, Ardrí, don Nollaig 2010. Eiseofar cluiche cláir na sraithe, Ardrí, don Nollaig 2010.

Roghnaíodh an leabhar seo ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló 2010.

“Ardchaighdeán…. D’éirigh go breá ar fad le Darach Ó Scolaí na scéalta a chur in oiriúint do dhaoine óga an lae inniu.” —Meadhbh Ní Eadhra, Gaelscéal

“Athinsint bhreá ar Mhacghníomhartha Fhinn mhic Cumhaill ó Dharach Ó Scolaí. Tá cúlra Fhinn tugtha aige chomh maith leis na heachtraí iad féin, rud a chuirfidh go mór le heolas na léitheoirí óga. Chomh maith leis an insint taitneamhach tá dathadóireacht iontach Chaomháin Uí Scolaí ag cur go mór leis an insint bhreá shoiléir tarraingteach do léitheoirí óga. Tá na leabhar feiliúnach le léamh ós ard do ghasúir agus do léitheoirí neamhspleácha.” —Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked

Leabhair eile sa bhailiúchán seo: Fionn mac Cumhaill