An Claíomh Solais

Liam Mac Cóil

12.00

104 lch; clúdach bog; 978-0-898332-02-8

“Ba ansin a tharla sé. Ag stróiceadh aníos an bóthar mar a bheadh splanc dhubh thintrí ann. Le linn dó féin agus do Reiner a bheith ag cur deireadh le radharc cathréimneach an chlaímh go croíúil glórach, chonaic sé ag déanamh air é mar a bheadh neach dorcha éigin as ríocht na gréine…”

George Moore, Wagner agus TG4

Úrscéal a suitear i Ráth Chairn na Mí sna míonna beaga roimh bhunú Theilifís na Gaeilge. Filleann léiritheoir óg teilifíse ar Éirinn agus cuireann faoi sa Ghaeltacht chun páirt a ghlacadh sa réabhlóid chultúrtha atá á tuar aige.

Comhthreomhar leis an bpríomhscéal instear scéal an náisiúnaí Éireannaigh George Moore agus a fhilleadh siúd ar Éirinn chun páirt a ghlacadh san Athbheochan Litríochta — sin agus ceoldráma Wagner, Siegfried.

An-chuumasach, an-taitneamhach

‘Leabhar é seo atá breac le macallaí agus macasamhla … leabhar an-chumasach, an-taithneamhach.’ — Iain Ó Caoimh, Comhar.

An Claíomh Solais ar fáil ar Amazon

 

Out of stock

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.