1 Item

An tSióg Mhallaithe

Aoife Ní Dhufaigh

7.50

48 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-97-3

Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde.

Beidh bainis mhór i Lios Lurgain! Tá deartháir Luisne, Lugh, le pósadh lena ghrá geal, Eimhear. Tá cuireadh ag Luisne agus Deirdre agus ag na sióga óga ar fad chuig an mbainis agus tá siad ar bís ag fanacht leis an lá mór. Ach ní gach uile dhuine a fuair cuireadh chuig an mbainis…. “Tá na scéalta breá spraíúil, eachtrúil agus is féidir le léitheoirí óga ionannú leis na sióga óga. Cé gur léigh mé na leabhair le m’iníon, bhí sí breá ábalta dul i ngleic leo í féin. Mar is dual do Leabhar Bhreac, tá na leabhair féin snasta, idir chló, léaráidí agus dearadh. Tá na leabhair dírithe ar léitheoirí neamhspleácha thart ar 9 nó 10.” — Aonghus Ó hAalmhain, Gobblefunked