1 Item

Súil an Daill

Darach Ó Scolaí

18.00

Súil an Daill: 240 lch; crua; ISBN 978-1-913814-14-4

Prionsa Eorpach ar an Déanamh Nua

Baintreach agus athair clainne é Conchúr Mac Ardail, fear atá ar a bhionda ag iarraidh a chosa a thabhairt leis as gábha crua an tsaoil.

I dTir Eoghain sa bhliain 1539 a suitear an scéal: tá Conn Bacach ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhábhar a thuilleamh. Mar ardfheidhmeannach i dtiarnas Uí Néill, is í forbairt agus cur chun cinn an tiarnais fís Chonchúir. Idir é agus fíorú na físe tá iliomad rud — guagacht a mháistir, éad na n-uaisle, cistí folmha, cúraimí clainne, agus a laigeachtaí féin mar dhuine. Anuas orthu sin, tá Feilimí Caoch Ó Néill, an gaiscíoch mealltach ar mian le Conchúr é a mhúnlú mar phrionsa Eorpach ar an déanamh nua.

Táipéis Bheo na Meánaoise

As dlúth is inneach na staire, fíonn údar An Cléireach agus Táin Bó Cuailnge bréidín an tiarnais Ghaelaigh dúinn, taipéis mhór bheo Ghaeltacht dheireadh na Meánaoise agus thús an Renaissance ina mhaireann easpaig is iascairí, dochtúirí is dlíodóirí, giollaí is gallóglaigh, cailíní cuideachta is bantiarnaí.

Saothar Suntasach Cumhachtach

A ndúirt moltóirí an Oireachtais faoin saothar seo:

“Léitheoirí a chuireann spéis sna seanscéalta méithe snasta loinnreacha … bhainfidís sásamh agus taitneamh as cumhacht shuntasach an tsaothair stairiúil seo.” — Breandán Ó Conaire, An tOireachtas

Tour de Force Stíle agus Reacaireachta

“Úrscéal thar a bheith soifisticiúil … Éacht taighde agus teanga déanta ag an údar a aimsíos ardréim liteartha de theanga an lae inniu lena scéal a inseacht. Tour de force stíle agus reacaireachta atá ann a fhágas blas na seanteanga ar theanga an lae inniu.” — Gearóid Denvir, An tOireachtas

Ardán Gnímh agus Fearann Machnaimh

“Is iad flaitheas agus formad téamaí síoraí an úrscéil seo. Scagadh céadach ar cheisteanna comhaimseartha ceannais agus cultúir atá ann, faoi chló Chroinicí na nUltach sa 16ú céad. Amhail Hilary Mantel nó David Simon, cuirtear ardán gnímh agus fearann machnaimh os coinne an léitheora ina léirítear laige an duine, gliceas na mban agus fústar na bhfear. Agus Conn Bacach Ó Néill, Tiarna Thír Eoghain, ag obair i dtreo bhuanú na cumhachta i gcónaí, mar dhia, ceistítear brí agus feidhm na béascna, téad thréitheach sheasta i saothar Dharach Uí Scolaí. Tá an teannas scéalaíochta ar fheabhas agus cuidíonn éascaíocht stíle le rosc rua ropanta a dhéanamh den phrós. Togha úrscéil.” — Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie

Éalaigh cúpla uair an chloig ó thiarnaí an lae inniu le húrscéal iontach Uí Scolaí

“Léiríonn an sár-úrscéal is déanaí ó Dharach Ó Scolaí, gur fánach an t-athrú atá tagtha ar mheon an duine le beagnach 500 bliain … Gné den úrscéal a chuaigh i bhfeidhm go mór orm féin ná stuaim agus éirim na mban, buanna a séantar aitheantas dóibh sna cuntais staire. Is féidir le Conchúr Mac Ardail a bheith ag sodar anseo is ansiúd ar ordú a mháistrí mar tá Sadhbh, go cumasach tíobhasach sa mbaile i mbun cúraimí tí, teaghlaigh is faoisimh agus comhairle mhaith aici ach éisteacht a fháil … Éalaigh cúpla uair an chloig ó thiarnaí an lae inniu le húrscéal iontach Uí Scolaí … Ní bheidh aon aiféala ort.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

“Ard-úrscéal caolchúiseach dushlánach is ea é a áireofar fós i measc mhór-úrscéalta Gaeilge na linne seo … In ainneoin shaibhreas iontach na teangan, a bhaineann macallaí, mar is cuí, as an tseanteanga, is úrscéal an-soléite é seo … tuigfear go bhfuil éacht nach beag déanta ag Ó Scolaí leis an leabhar seo.” Breandán Ó Cróinín, FEASTA

Rich and Evocative

“The author manages to create a credible medieval Ulster by supplying detailed descriptions of the landscape, the dress, the castles and the way of life he deduces from the historical record … The language register he calls on to do this is rich and evocative of the time, remaining entirely understandable … Darach Ó Scolaí has become one of the most important Irish language writers of his generation and Súil an Daill will add to his growing reputation. It has already won a literary prize in Oireachtas na Gaeilge and it will be no surprise if others follow.” — Cathal Poirtéir, Books Ireland.

“Tá scil faoi leith ag Darach i suiomh a shamhlú, an dúlra .. áitreabh taoisigh nó cuma agus carachtar daoine a thabhairt chun beochta don léitheoir.” — An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh

“Léiriú drámatúil iontach ar an tréimhse seo i stair na hÉireann … saothar chomh fileata, chomh saibhir, saothar iontach luachmhar,” — An tOllamh Malachy Ó Néill, An Cúinne Dána RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Tá macallaí de Macbeth sa leabhar seo chomh maith, idir na tairngireachtaí a dhéantar agus an uaillmhian.” — Dr Charlie Dillon, An Cúinne Dána RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Bhaineas ard-taitneamh as … Cheapas go raibh an leabhar seo scríte i slí álainn agus is ar éigean gur chuireas síos é go dtí gur chríochnaíos é. Mholfainn an leabhar seo go mór d’éinne.” — Hannah Ní Chonghaile, Nós

Ghnóthaigh Súil an Daill Duais an Oireachtais 2019.

Léigh alt Dharach Uí Scolaí ar chúlra staire Shúil an Daill:

Tuairisc.ie: Deich Scothleabhar na Bliana

Léigh an léirmheas ar Books Ireland.

Féach ar léirmheas le Eoin P. Ó Murchú ar YouTube

Féach: Léarscáil Thír Eoghain 1539

Féach iontráil an údair ar Vicipéid

Agallamh leis an Údar ar Iris Aniar, Raidió na Gaeltachta

Léirmheas le Máire Ni Fhinneadha  ar Tuairisc.ie

Léigh léirmheas le Cathal Poirtéir ar Nós

Léigh sliocht as an leabhar (pdf)