Tim Armstrong, úrscéalaí Gàidhlig agus údar Tinte na Farraige Duibhe, i mbun agallaimh le Darach Ó Scolaí, foilsitheoir. Tá úrscéal Tim ar fáil i nGaeilge na hÉireann le bliain anuas (é aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú) agus tá sé ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe i mbliana.
Ócáidí Poiblíochta in Éirinn
Darach Ó Scolaí: Tá pobal léitheoirí nua aimsithe agat, a Tim. Cén tairbhe atá le baint as míle léitheoir nua, abair, ar an taobh seo de Shruth na Maoile?
Tim Armstrong: Is iontach, agus, le fírinne, is ait an scéal é. Is aisteach an t-am é le leabhar nua a sheoladh. Mar gheall ar an bpaindéim agus ar an dianghlasáil, níor éirigh liom cuairt a thabhairt ar Éirinn le deireanas. Ba bhreá liom bheith páirteach sna gnáth-imeachtaí poiblíochta, a theacht go hÉirinn agus léamhanna a dhéanamh le hEoin, ach níorbh fhéidir é. Tá súil agam nach fada go scaoilfear an glas orainn agus go bhféadfaidh mé casadh le léitheoirí an leabhair in Éirinn. Ba bhreá liom é sin.
Loingeas Dorcha ar Bhun na Spéire
DÓS: D’éirigh go maith le d’úrscéal in Éirinn, agus anois tá tú ag obair ar úrscéal nua. Ach maidir leis an bpobal nua léitheoirí seo, agus le d’ainmniú ar ghearrliosta Ghradam an Oireachtais, an bhfuil tionchar aige ar do chuid scríbhneoireachta?
TA: Tá súil agam nach bhfuil. Ní dóigh liom go bhfuil. I m’intinn, is mór idir mo shaothar foilsithe agus an saothar atá idir lámha agam. Tá Air Cuan Dubh Drilseach (Tinte na Farraige Duibhe) amuigh ansin sa Domhan Mór anois, agus í dealaithe uaim ar bhealach, fad is atá An Luingeas Dorcha air Fàire (An Loingeas Dorcha ar Bhun na Spéire) an-bheo i m’intinn istigh. Táim an-ghafa leis an scéal, amhail is go bhfuil sé ag titim amach san am i láthair, ach is i m’intinn atá an scéal ag titim amach fós. Ag stáid níos faide chun cinn, nuair a bheas mé i mbun eagarthóireachta, beidh mé ag smaoineamh ar an gcaoi a nglacfaidh léitheoirí leis.
DÓS: Inis rud éigin dúinn faoin úrscéal nua atá á scríobh agat.
TA: Ní fhéadfaidh mé mórán a rá fós. Táim in ann a rá go bhfuil sé níos mó. Ní hamháin go bhfuil sé níos faide ach tá scóp níos leithne aige, tá níos mó carachtar agus scéalta fite ann. Ach is mar a chéile an bunábhar. Aithneoidh léitheoirí Tinte na Farraige Duibhe na daoine agus an domhan ina maireann siad.
Teagasc na Gàidhlig i Sabhal Mòr Ostaig
DÓS: Is dócha nach mór é an t-airgead atá le saothrú as aistriúchán?
TA: Le fírinne, níl aon éad agam leo siúd a scríobhann i mBéarla agus atá in ann slí bheatha a bhaint as a gcuid leabhar. Is breá liom an obair laethúil a dhéanaim, ag teagasc Gàidhlig i Sabhal Mòr Ostaig, agus ní mhalartóinn é sin ar aon cheo go deo. An t-aon bhuntáiste a bheadh i slí bheatha a bhaint as an scríbhneoireacht ná go bhféadfainn mo chuid ama ar fad a chaitheamh leis. Is breá liom an mhúinteoireacht, ach is obair chrua freisin í. Go minic, i ndiaidh lae oibre, ní bhíonn ar mo chumas ach mé féin a chaitheamh ar an tolg agus leabhar a léamh.
Céard é an tÚrscéal is Fearr sa Gàidhlig?
DÓS: Is cinnte go bhfuil úrscéalta maithe eile sa Ghàidhlig arbh fhiú a aistriú. An bhféadfá ceann a mholadh dúinn?
TA: Ceist chrua í sin mar is iomaí úrscéal Gàidhlig a foilsíodh le fiche bliain anuas. Ach dá mbeadh rogha le déanamh agam, chaithfinn a rá gurb é An t-Aonaran le hIain Mac a’ Ghobhainn (1976) an t-úrscéal is fearr sa Ghàidhlig. Úrscéal gearr é, tá an teanga an-simplí, ach is iontach an saothar é.
DÓS: Focal scoir. D’fhágamar slán leis an Sáirsint Raidead agus é ag éalú uainn i dtacsaí ar an bpláinéad Neasg. An gcasfar é siúd arís orainn san úrscéal nua? Nó Sál agus Ríosa?
TA: Tá go leor carachtar nua sa leabhar seo, ach tá páirt lárnach fós ag go leor de na seancharachtair a bhí in Tinte na Farraige Duibhe — agus dar ndóigh, is iad Sál agus Ríosa atá i lár an scéil i gcónaí.