0 Earra

Ag an Oireachtas i gCill Airne ar an Satharn 5 Samhain a eagrófar mórsheoladh Leabhar Breac. Tar éis agallaimh leis na húdair, seolfaidh an Dr Róisín Ní Ghairbhí na trí leabhar, Tóraíocht na Dea-Bheatha le hAntain Mac Lochlainn, athchóiriú Bhreandáin Uí Chróinín ar Cath Fionntrá le Pádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac), agus Ré na bhFathach le Colm Ó Ceallacháin.

Breandán Ó Cróinín, seoladh Cath FionntráRéimse Údar agus Leabhar

Is í an léachtóir as Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach, an Dr Róisín Ní Ghairbhí, a bheidh sa chathair don seisiún, agus déanfaidh sí stiúradh ar chomhrá leis an húdair ina bpléifear an litríocht fré chéile agus a saothar féin. Is í a sheolfaidh na leabhair.

Tá aithne i bhfad is i ngearr ar an Dr Ní Ghairbhí i ngeall ar a bhfuil scríofa aici ar chúrsaí litríochta is oideachais agus, dar ndóigh, i ngeall ar an láithreoireacht a rinne sí ar an tsraith clár leabhar ‘Léirmheas Leabhar‘ ar TG4 in 2017.

Ó Chorcaigh go Fionntrá

Is é an Dr Breandán Ó Cróinín a chur an t-eagrán nua de Cath Fionntrá an tSeabhaic in oiriúint do léitheoirí ár linne, agus a scríobh an t-iarfhocal cuimsitheach a dhéanann cur síos ar an mbunscéal agus ar eagrán an tSeabhaic — a foilsíodh ar dtús in 1911. Ceann roinne i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach é Breandán.

Is i gCorcaigh atá cónaí ar Cholm Ó Ceallacháin. In 2017 a foilsíodh a chéad chnuasach gearrscéalta, I dTír Mhilis na mBeo — saothar a bhain áit amach ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin na bliana sin. Tá duaiseanna Oireachtais buaite aige, chomh maith le dámhachtainí ón gComhairle Ealaíon. Is é Ré na bhFathach an dara cnuasach óna pheann.

pórtráid údair, Antain Mac LochlainnFilí agus Fealsaimh

Scríbhneoir agus aistritheoir ó Chúil Raithin i gContae Dhoire é Antain Mac Lochlainn. Tá dochtúireacht sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh agus tréimhsí caite aige ag obair le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ. Tá sé anois ina eagarthóir ar an suíomh acmhainní Gaeilge, www.aistear.ie.

Ar na saothair is deireanaí leis, tá a lámhleabhar d’fhoghlaimeoirí, Cruinneas, a threoirleabhar ar cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air, agus a threoirleabhar eagarthóireachta, In Ord is in Eagar. Cuireadh a chéad úrscéal, Ruball an Éin, ar ghearrliosta Dhuaiseanna Glen Dimplex 2006, agus tá cáil nach beag air mar aistritheoir liteartha.

Léirmheastóir Luimníoch na Leabhar

Ina léirmheas ar Tóraíocht na Dea-Bheatha in Tuairisc.ie, is é a dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí, “Tá Antain Mac Lochlainn imithe go dtí an tobar ag tóraíocht an fhíorbhraoin dá leabhar nua agus ní fhéadfá cuimhneamh ar dhuine níos fearr chun tabhairt faoi Ghaeilge a chur ar chomhairle na seanfhealsúna.”

Faraor, ní bheidh an file agus aistritheoir Bernadette Nic an tSaoir i láthair mar a bhí beartaithe, ach tá súil againn go mbeidh a haistriúchán nua ar Siúrmó le Jean-Claude Izzo ar fáil an an ócáid.

Tar éis an agallaimh, iarrfar ar na húdair léamh as a saothar, agus léifidh Proinsias Mac a’ Bhaird sliocht as a shaothar nua ‘Flaitheas’, a fhoilseoidh Leabhar Breac in 2022. Ar na leabhair eile a chuirfear faoi bhráid an phobail, beidh eagrán nua den chnuasach próis le hAnraí Mac Giolla Chomhaill (a cailleadh anuraidh, i measc na naomh go raibh sé), Díolaim Próis 1450-1850, agus an t-úrscéal is deireanaí le Diarmuid Johnson, Ceallach,

Pictiúr thíos: Colm Ó Ceallacháin, Diarmuid Johnson, Muiris Ó Raghallaigh agus Éilis Ní Anluain ag Fómhar na Leabhar, Béal Feirste 2022.

Údair i mbun comhrá