Bealach na Spáinneach

Liam Mac Cóil

15.00

Bealach na Spáinneach: 604 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-71-3

Seo é an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, sa tsraith úrscéalta, Lúcás Ó Briain (An Litir). In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh.

Feallmharfóir rua an namhad ar a thóir

Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.

Seasfaidh an scéal seo i measc mórscéalta gaiscíochta an domhain

“For Mac Cóil, Lúcás Ó Briain and O’Neill represent a Gaelic Ireland which has to accept the supremacy of Spain (and Rome) as it identifies with Europe. O’Neill is both a fine subject for historical fiction and an enduring symbol of the struggle for an independent European Ireland and, in a sentimental sense, to hold this book in one’s hand is somehow a vindication of that cause. The book is important and has enduring resonance because O’Neill ensured that Ireland had a distinct “voice” in Europe long before Brexit.

“To complete our understanding of the past, the narrative historian must give way to the artist and this is the real role and value of a work of historical fiction like this. It is a real page-turner and a must-have for those le Gaeilge. Mac Cóil’s clear, elegant prose will ease the task even for those with rusty Irish.” Fionn Ó Gráda Dublin Review of Books\

Trí Leabhar as Deich ag Leabhar Breac!

Ní thiocfaidh leabhar níos fearr i mbliana!

“Tá an triológ seo ar na trí leabhar is fearr a scríobhadh i nGaeilge riamh … is eipic é … Seo leabhar na bliana 2020. Ní thiocfaidh leabhar níos fearr i mbliana!”— Maitiú Ó Coimín, An Cúinne Dána RTÉ Raidió na Gaeltachta

Seo é an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí.

You can feel the boots and blades in Mac Cóil’s Galway… An Litir is a singular achievement. — Pól Ó Muiri, The Irish Times

Ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach.

Leanann Lúcás Ó Briain dá aistear chun na Róimhe le litir rúnda san úrscéal staire seo ar sméar mhullaigh thríológ Liam Mhic Cóil é. Feidhmíonn an téacs ar leibhéil éagsúla. Cé gur fadscéal eachtraíochta é, tá tráchtaireacht ann freisin ar bhunú chultúr intleachtúil na Nua-Ghaeilge, aighneasóireacht chreidimh na mór-roinne sa 17ú haois agus borradh na féiniúlachta náisiúnta. Is iontach mar a chuirtear saol, cúraimí agus cultúr na ndaoine i láthair chomh maith. Gaisce físe agus scríbhneoireachta An Litir, I dTír Strainséartha agus Bealach na Spáinneach a bheith ar fáil dúinn. — Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie

Page-turner…. Seasfaidh an scéal seo i measc mórscéalta gaiscíochta an domhain. — Proinsias Mac a’ Bhaird, Gaelscéal
Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach. — Mícheál Mac Craith, Comhar.

Fíorghaisce Liam Mhic Cóil i dTríológ na Litreach: d’úsáid sé stair na hÉireann chun ár samhlaíocht a lasadh; d’éirigh leis mórán a mhúineadh faoi stair na hÉireann; mhúnlaigh sé ár gcuimhne choiteann agus chuir sé ag aislingíocht ina theannta sin sinn. Ní beag sin. — Mícheál Mac Craith, ComharTaighde Iml. 6

Léigh sliocht as Bealach na Spáinneach

Léigh léirmheas Mhíchíl Mhic Craith ar an triológ iomlán

Bealach na Spáinneach (sliocht á leamh ag an údar):