Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Óró: Rentrée Littéraire Leabhar Breac
Óró mhíle grá, tá an Rentrée Littéraire chugainn! I mbliana aris, le rabharta mór an fhómhair tá éadáil leabhar á chaitheamh i dtír. Úrscéal do dhéagóirí ... agus do sheandéagóiri! Ar an gcéad leabhar a bheas ar fáil do léitheoirí na Gaeilge i mbliana tá Óró le Alan Titley, úrscéal do dhéagóirí agus do sheandéagóirí. Eachtra scleondrach corraitheach is ea Óró ina n-éalaíonn ógánach ar bord loinge go dtéann thar farraige siar go hollchríoch aineoil an óir sa tóir ar...Read More
-
Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin Fógartha!
Tá ríméad an domhain orainn go bhfuil SAIGHDIÚÍR agus DEIRDRE ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2024! Comhghairdeas ó chroí le Cathal Ó Searcaigh agus Darach Ó Scolaí agus leis na scríbhneoirí ar fad atá ar an ngearrliosta! Dhá údar ag Leabhar Breac ar an nGearrliosta Dhá leabhar atá ag Leabhar Breac ar an ngearrliosta do ghradaim foilsitheoirechta an Oireachtais i mbliana, Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh ,agus Deirdre le Darach Ó Scolaí (agus í maisithe ag Anastasia Melnykova). Tréaslaímid a...Read More
-
Léitheoireacht Cois Trá
Leabhar don léitheoireacht cois trá gan aon agó í Filleann Seoirse — úrscéal breá toirtiúil ina n-insítear scéal triúir — triantán suthain — i mbaile cois farraige in Éirinn na linne seo. Nuair a thagann seanchara ar cuairt ar lánúin nuaphósta, fágann sé a lorg ar an ménage. Trí shúile na mná a nochtar an scéal seo, úrscéal a dhéanann láimhseáil phaiteanta ar mhothúcháin agus ar intleacht, agus a bhaineann chomh mór le teacht in inmhe na gcarachtar is a...Read More
-
Scríbhneoirí ar son na Palaistíne
Breis is €3,000 atá bailithe anois ag an leabhrán 'Ar son na Palaistíne' agus tá cúpla seachtain fágtha sula gcuirfear críoch leis an bhfeachtas. Tá an leabhrán ar fáil ó cheann ceann na tíre — ón gCafé Liteartha sa Daingean go dtí an Cheathrú Póilí i mBéal Feirste. I dtús na míosa seo, bronnadh dhá chóip den leabhrán le scríbhneoirí Ar Son na Palaistíne ar an gCorcaíoch Aoife Ní Mhurchú le tabhairt léi ar bord an Handala, tá Cóbh fágtha...Read More
-
Duais don Charnabhal
Tá ríméad ar Leabhar Breac go bhfuil Duais ACIS ‘Leabhar Taighde na Bliana 2023’, a fógraíodh an tseachtain seo, buaite ag Carnabhal na Marbh le Radvan Markus. Seo í duais bhliantúil An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann. Léachtóir le Gaeilge agus leis an Léann Éireannach in Ollscoil Shéarlais i bPrág is ea Radvan Markus. Is é a d’aistrigh Cré na Cille go Seicis. Duais bhliantúil í an Duais ACIS a bronntar ar an saothar taighde is fearr i nGaeilge...Read More
-
Bláthnaid Tagtha!
Te sna sála ar an gcéad leabhar sa tsraith, Deirdre, tá Bláthnaid tagtha ar an bhfód. Tá scéal Bhláthnaide ar cheann de scéalta móra na Rúraíochta. Is ann atá cur síos ar an rí agus ard-asarlaí, Cú Raoi, agus ar an gcaoi ar fhuadaigh sé Bláthnaid, iníon álainn rí Mhanann, go dtí a dhún féin, Cathair Con Raoi i gCiarraí. Báire Fola ar Shliabh Mis Ach níorbh é Cú Raoi amháin a leag súil uirthi. Shantaigh Cú Chulainn freisin í...Read More
-
Féilimí mac Criomhthainn
Cléireach de shliocht Eoghanacht Chaisil ab ea Feilimí mac Criomhthainn (Fedelmid mac Crimthainn) agus rí ar Mhumhain ó 820 go 84 Ball den chléir a bhí ann i dtús a shaoil, agus ball den Chéile Dé — gluaiseacht spioradálta a leag béim ar an díthreabhachas. Luaitear le mainistir Dhoire Eidhneach go sonrach é (nó Doire na bhFlann i gContae Thiobraid Árann mar atá inniu air). Scriba et anchorita (scríobhaí agus díthreabhach) a tugadh air in Annála Uladh, agus bhí sé...Read More
-
Scríbhneoirí Gaeilge ar son na Palaistíne
Is breá linn a fhógairt go bhfuil an leabhrán nua Ar Son na Palaistíne anois ar fáil ó cheann ceann na tíre — ón gCafé Liteartha sa Daingean go dtí an Cheathrú Póilí i mBéal Feirste. Ag ócáid ina raibh ball de choiste náisiúnta na Palaistíne den ghluaiseacht BDS (baghcat, dífheistiú, smachtbhannaí) ar cuairt ar Chorcaigh, ghlac Saleh Hijazi cóip den phaimfléad 'Ar Son na Palaistíne' ón scríbhneoir Colm Ó Ceallacháin. Naonúr de scríbhneoirí Leabhar Breac agus an dearthóir Caomhán...Read More
-
Amhráin Amhairgin ar fáil
Amhráin Amhairgin: leabhar nua le Máire Mhac an tSaoi ar fáil anois. Don té a bheadh ag iarraidh dul amach ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi, tá fianaise bhreise sa leabhar seo, Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille, ar an acmhainn diamhair teangan agus samhlaíochta atá le brath ó thosach deireadh a cuid scríbhneoireachta. Acmhainn diamhair teangan agus samhlaíochta Tá údarás agus uaisleacht in uachtar sna dánta seo, Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, agus Amhra Choilm Cille mar...Read More
-
Scríbhneoirí ar son na Palaistíne sa Cheathrú Póilí
Is breá linn a fhógairt go bhfuil an leabhrán nua Ar Son na Palaistíne anois ar fáil sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste agus gur gearr go mbeidh sé ar fáil i siopaí eile. Naonúr de scríbhneoirí Leabhar Breac agus an dearthóir Caomhán Ó Scolaí atá páirteach sa bhfiontar deonach seo chun airgead a bhailiú do Phalaistínigh atá faoi ionsaí ag fórsaí Iosrael i nGaza. Is iad Diarmuid Johnson, Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil, Proinsias Mac a'Bhaird, Colm Ó...Read More