Diarmuid Johnson

Scríbhneoir, file, ceoltóir, scoláire, aistritheoir agus iriseoir é Diarmuid Johnson. Chaith sé cuid mhór dá shaol sa Bhriotáin, sa Ghearmáin, sa Pholainn agus sa Bhreatain Bheag, agus tá cur síos ar chuid d’imeachtaí na mblianta sin sa leabhar Seacht dTír Seacht dTeanga (2021).

Sraith na Teamhrach

Tá a ainm i mbéal an phobail ó d‘fhoilsigh sé Sraith na Teamhrach, trí athleagan ar scéalta Thuatha Dé Danann agus ar ábhar na miotaseolaíochta mar atá Conaire Mór (2017), Tuatha Dé Danann (2018), agus Éadaoin (2020).

Deoch an Tobair

Ceallach is teideal don leabhar is deireanaí óna pheann, leabhar faoin lámh a bhí ag manaigh na hÉireann i gcraobhscaoileadh an chreidimh Chríostaí san Eoraip míle go leith bliain ó shin.

Ar na bacáin aige tá Deoch an Tobair, rogha de phrós na Gaeilge AD 1100–1925, agus An Cláirseoir, úrscéal faoi theacht na Normannach go hÉirinn.

Nuair nach ag treabhadh i ngort an phinn a bhíonn Diarmuid, is ag fliúiteadóireacht nó ag garraíodóireacht a bhíonn sé, sin nó ag freastal ar éigsí agus ar thionóil liteartha éagsúla, sa Bhriotáin, sa Bheilg, agus in Éirinn

Portráid den údar | portrait of the author
Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.