0 Earra

San INEC i gCill Áirne Dé hAoine, reachtáilfear seoladh mór Leabhar Breac ag Oireachtas 2023. Ar na scríbhneoirí a bheidh i láthair i mbliana tá Liam Mac Cóil, Jacqueline de Brún, Antain Mac Lochlainn, Proinsias Mac a’Bhaird, Bernadette Nic an tSaoir agus Darach Ó Scolaí

Portráid an Scríbhneora, próifíl } Portrait of writer, profileDiancheistiú ar Scríbhneoirí Leabhar Breac

Cuirfear ceathrar de scríbhneoirí Leabhar Breac faoi agallamh, Liam Mac Cóil, Jacqueline de Brún, Proinsias Mac a’Bhaird agus Darach Ó Scolaí, agus déanfar plé ar an litríocht agus ar shaothar na scríbhneoirí sin.

I mbun an diancheistiúchán ar na scríbhneoirí beidh Antain Mac Lochlainn — scríbhneoir eile de chuid Leabhar Breac. In 2021 foilsíodh a mhórshaothar ar an bhfealsúnacht, Tóraíocht na Dea-Bheatha, agus foilseofar úrscéal do dhéagóirí leis an bhliain seo chugainn.

Dar ndóigh, beidh an-fhiosracht ar léitheoirí faoin leabhar nua le Proinsias Mac a’Bhaird, Flaitheas, a foilsíodh an tseachtain seo. Beidh sí sin ar fáil agus beidh Proinsias féin ag labhairt ar ar úrscéal. Sin, agus leabhar úrnua Dharach Uí Scolaí, Deirdre.

Leabhar de chineál eile ar fad é Cloch na Gréine le Jacqueline de Brún. Seo í an dara leabhar sa tsraith, foilsíodh Baile an Chnoic in 2008, agus tá sí ag obair ar an tríú leabhar anois.

Liam Mac cóil, grianghraf den údar, a photograph of the authors.An Míonótar le Nochtú

Ní hé amháin gur deis a bheidh ann do léitheoirí eolas a chur ar na leabhair is nuaí ar an margadh, ach is deis a bheidh ann dóibh réamheolas a chur ar an leabhar nua atá á scríobh faoi láthair ag Liam Mac Cóil: an Míonótár (teideal sealadach!)

Mar chuid den ócáid chéanna, seolfar ceithre leabhar, Flaitheas le Proinsias Mac a’Bhaird, Deirdre le Darach Ó Scolaí, Siúrmó le Bernadette Nic an tSaoir agus Cloch na Gréine le Jacqueline de Brún. Agus dar ndóigh, nuair a bheidh na ceithre leabhar baistithe, mar is dual, fliuchfar cloigne na bpáistí go fial!

Agus cá bhfios nach bhfaigheadh muid beagán eolais faoin leabhar nua atá á beartú ag Antain Mac Lochlainn!!