Léann 1

Cumann Léann na Litríochta

15.00

Léann 1: 114 lch; bog; ISSN 1756-204X

Iris phiarmheasta í Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus thaighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 1 taighde ar an dírbheathaisnéis, ar úrscéalaíocht na Gaidhlig, ar sheanfhoclaíocht, ar scríbhinní agus ar scríobhaithe.

Dírbheathaisnéisí nach nGéilleann d’Ord ná d’Eagar

Ar mhaithe le hanailís a dhéanamh ar dhírbheathnaisnéisí na Gaeilge déanann Breandán Ó Conaire plé ar an seánra féin na aiste ‘An Dírbheathaisnéis: Genre, Coincheap nó Cíor Thuathail? Smaointe ar Nádúr na Tuairisce Beatha’.

An Mac Óg i Nobhailean na Gàidhlig

Trí úrscéal Gàidhlig atá faoi chaibidil ag Michelle Nic Leoid, An t-Aonaran agus Na Speuclairean Dubha le hIain Mac a’Ghobhainn agus An Fear Meadhanach le hAlasdair Caimbeul, in a haiste ‘Puer Aeternus Ann an Trí Nobhailean Gàidhlig’.

Seanfhocail, Scríbhinní agus Scríobhaithe

Léann agus bailiú na seanfhocal is ábhar do Mharcas Mac Coinnigh ina aiste ‘An Seanfhocal agus Nua-Léann: Gnéithe de Phairéimeagrafaíocht na Gaeilge’.

Ina aiste siúd, ‘Catalóg Leabharlann na bProinsiasach Éireannach, Prág’ caitheann Charlie Dillon súil ar na scríbhinní Éireannacha, ach go háirithe, i Leabharlann na bProinsiasach i bPrág.

‘Tús na hoibre’ a thugann Colm Ó Baoill ar a aiste ar obair na scríobhaithe i gCúige Uladh agus i dtuaisceart Chúige Laighean, ‘Scríobhaithe agus Saothrú An Léinn i dTuaisceart na hÉireann ó c.1300 i leith: Tús Taighde’.

Ón Rúta go hÍochtar Connacht

Is iad muintir Eaghra agus clann Mhic Uidhilín, ach go háirithe, atá á bplé ag Nollaig Ó Muraile ina aiste ‘Naisc Idir Íochtar Chonnacht agus Oirthear Uladh sa tSeachtú hAois Déag: Muintir Eaghra an Rúta, Clann Uighilín agus Clann Domhnaill’.

Comhfhiontar é Léann 1 idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ollscoil Luimnigh. Is iad Cumann Léann na Litríochta a chuireann an iris in eagar.

Féach Léann 4

Féach Léann 5

Féach Léann 6

Léigh léirmheas ar Léann 6 in ComharTaighde