Amhráin Amhairgin

Máire Mhac an tSaoi

15.00

Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille: 48 lch, bog, 978-1-913814-55-7

AR FÁIL AR LASCAINE GO DTÍ AN 19 AIBREÁN

Acmhainn diamhair teangan agus samhlaíochta

Don té a bheadh ag iarraidh dul amach ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi, tá fianaise bhreise sa leabhar seo ar an acmhainn diamhair teangan agus samhlaíochta atá le brath ó thosach deireadh a cuid scríbhneoireachta.

Údarás, uaisleacht agus inniúlacht

Tá údarás agus uaisleacht in uachtar sna dánta seo, Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, agus Amhra Choilm Cille mar atá sa chuid is fearr dá cuid dánta féin, an teanga á feacadh agus á lúbadh i gcúrsaí friotail agus comhréire agus í ag cruthú uair amháin eile gur uirlis lánacmhainneach í don té atá inniúil ar í a ionramháil mar is cóir. Más beag duine a bhí, nó atá, chomh hábalta léi sa mhéid sin, tá cúis eile againn a bheith buíoch go raibh Máire Mhac an tSaoi ag obair chomh fada is chomh flaithiúil sin inár measc.

Is é an Dr Louis de Paor a chuir Amhráin Amhairgin in eagar agus is i gcomhar le hIonad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na Gaillimhe, a foilsíodh an leabhar seo.

Ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi ar fáil ó Leabhar Breac tá an t-úrscéal Scéal Ghearóid Iarla, cuntas staire ar Phiaras Feirtéar Cérbh í Meg Russel? agus a haistriúchán ar chnuasach filíochta Rilke, Marbhnaí Duino.