Ar son na Palaistíne

Scríbhneoirí ar son na Palaistíne

10.00

Ar son na Palaistíne: paimfléad, bileog fillte,16 lch. Cnuasach d’aistí scríbhneoireachta le naonúr scríbhneoirí — Antain Mac Lochlainn, Eilís Ní Anluain, Proinsias Mac a’Bhaird, Liam Mac Cóil, Cathal Ó Searcaigh, Colm Ó Ceallacháin, Vincent Morley, Diarmuid Johnson agus Darach Ó Scolaí, agus clúdach breá maisiúil le Caomhán Ó Scolaí.

Aistriúchán ar dhán le Rafeet Alareer

Ar na haistí próis, tá sleachta as úrscéalta atá ar na bacáin ag na scríbhneoirí Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil, Diarmuid Johnson agus Darach Ó Scolaí, sliocht as luathstair na hÉireann atá á scríobh ag Vincent Morley, scéalta úrnua le Antain Mac Lochlainn agus Proinsias Mac a’Bhaird, agus dánta nua le Cathal Ó Searcaigh, chomh maith le aistriúchán le Colm Ó Ceallacháin ar shaothar leis an bhfile Refaat Alareer ar mharaigh na hIosraelaigh é anuraidh in ionsaí aeir.

Portráid den fhile Refaat Alareer, a portrait of the poet

Saothar deonach ar son na Palaistíne

Is go deonach a chuir na rannpháirtithe ar fad a gcuid saothair ar fáil don bhileog seo, ar mhaithe le fóirithint bia agus leighis a chur ar fáil dóibh siúd sa Phalaistín atá ina gátar, agus is le Cumann an Chorráin Dheirg sa Phalaistín a íocfar an t-airgead ar fad a bhaileofar.

Beidh ‘Ar son na Palaistine’ ar fáil sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste, agus i siopaí leabhar eile.