Your cart is currently empty!
Cloch na Gréine
€9.00
Cloch na Gréine: 60 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-913814-38-0
Is aisteach go deo an áit í Baile an Chnoic agus, cosúil le háit aisteach ar bith, tá rún nó dhó i bhfolach ann. Tá cloch ar an bhaile a bhfuil comharthaí aisteacha uirthi, ach is beag duine a thugann suntas di go dtí go dtarlaíonn eachtra uafáis a osclaíonn súile gach aon duine.
Eachtraí Uafáis i mBaile an Chnoic!
Ar dtús, lasadh teach Mhicí Mhic Shuibhne, ansin thuirling beacha mistéireacha ar an scoil. Agus ina dhiaidh sin, goideadh an chloch rúnda — Cloch na Gréine!
Rógairí, Bithiúnaigh, agus Páistí Fiosracha
Ach is aisteach an dream iad muintir Bhaile an Chnoic — dream nach maith leo aird, dream ar fearr leo páistí a bhíonn ciúin agus béasach, dream nach maith leo páistí fiosracha! Beirt dhéagóirí fiosracha iad Éimear agus Seán, agus ní fada go mbíonn siad i mbun bleachtaireachta. Casfar bithiúnaigh orainn sa scéal seo, agus roinnt de na rógairí is aistí dá bhfaca tú riamh. Agus foghlaimeoidh tú faoi scríbhneoireacht rúnda atá in úsáid sa tír seo le breis is míle bliain. Ní rún go rún Chloch na Gréine!
As Béal Feirste don údar, Jacqueline de Brún, agus is é seo an dara húrscéal do léitheoirí óga léi. Úrscéal eile í Cloch na Gréine sa tsraith ‘Scoil an Chnoic’, agus í maisithe go gleoite ag Vince Reid.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
Gairdín an Ollaimh
Peadar Ó Cualáin€7.50Tráthnóna geimhridh ar a bhealach abhaile dó feiceann Mártan reithe mór i lar an bhaile. Ar lorg an reithe dó tagann sé ar ghairdín an Ollaimh, agus ar...
Cuir sa Chiseán -
Práinneach
Bruno Heitz€7.50Práinneach: Is fada an bealach é go dtí an Camargue. Tá sin chomh fada ó dheas agus atá sa Fhrainc. Ach tá Cáitín sásta dul i gcontúirt chun...
Cuir sa Chiseán -
Éalú as an Lios
Aoife Ní Dhufaigh€7.50Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine,...
Cuir sa Chiseán -
Eachtra ar Oileán na Rún
Brian Ó Broin€9.00Samhradh ciúin in Éirinn? Beag seans! Tá ceann de sheoda móra na tíre goidte as an Ard-Mhúsaem agus tá cailís ríluachmhar imithe ó láthair sheandálaíochta ar oileán ar...
Cuir sa Chiseán