Flaitheas

Proinsias Mac a'Bhaird

15.00

Flaitheas XXXXX 978-1-913814-34-2

Ógánach é Criomhthann. Cé go bhfuil saol na n-uasal i ndán dó, ceistíonn an chinniúint atá leagtha amach dó. Ach de bharr thragóid phearsanta, treoraítear é le saol de chineál eile a lorg — agus ní gan stró a thabharfaidh sé faoin aistear nua sin.

Scéal Gach Duine Againn

Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth dá raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth dá raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth dá raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht.

Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn.

An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú

“Bhraith mé go raibh mé sáite in aigne na gcarachtar agus a ndaonnacht ag lonrú trí shonraí an scéil.” — Róisín Ní Ghairbhí

“Duiníonn an t-údar an naomh seachas an duine a naomhú, agus tugann léargas fírinneach dúinn ar choimhlintí inmheánacha an duine sin.” — Micheál Mac Craith