0 Earra

An bhanríon Méabh ina carbad. Queen Maeve in her chariot.Tá obair faoi lán an tseoil faoi láthair ar an scannán beochana An Táin. Is iad an léiritheoir Deaglán Ó Mocháin agus an stiúrthóir Pearse Moore atá ina bhun. John McCloskey atá i mbun na healaíne agus is é Darach Ó Scolaí a scríobh an script.

Ón mBéal Bocht go dtí an Táin

Is é an t-ealaíontóir, John McCloskey, a rinne an scannán beochana An Béal Bocht (2018) i gcomhair le Pearse Moore — agus is é a dhear an ealaín do leabhar Chló Mhaigh Eo den teideal céanna.

Draft image from forthcoming film An Táin. Íomhá ón scannán nua An Táin.Eagrán nua den Táin i gCló

Is ar eagrán Uí Scolaí den Táin a bunaíodh an script. Tráthúil go leor, is le foilsiú an tríú heagrán de Táin Bó Cuailnge a tosaíodh ar an obair. Eagrán speisialta móide innéacs agus nótaí atá san eagrán nua.

Méabh chun Tosaigh sa Scannán Nua

Scannán gearr (30 nóiméad) a bheidh sa Táin agus sa leagan seo den scéal leagfar béim ar leith ar Mhéabh, bhanríon Chonnacht. Dar leis an Scolaíoch gurb í is láidre agus gur aici atá na línte sa fearr sa scéal.

Clúdach leabhair | Book cover, Táin Bó CuailngeAr Bís leis an Ealaín a Fheiceáil!

Arsa Darach Ó Scolaí, “Bhain mé an-phléisiúr go deo as a bheith ag obair ar an script i gcomhair le Deaglán, Pearse agus John, agus tá súil mhór agam leis an obair ealaíne a fheiceáil de réir mar a bheas sí á nochtadh ag John dúinn. Tá na chéad dréachtaí feicthe agam agus tá bís orm go bhfeice mé an chuid eile!”

Tá an scannán á dhéanamh i gcomhair le TG4 agus Bord Scannán na hÉireann agus tá súil go gcraolfar é faoi Nollaig 2024.