Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Cuairt San Nioclás á aithris ag Macdara Ó Fátharta
I gceiliúradh ar bhronnadh Ghradam de Bhaldraithe ar Cuairt San Nioclás, tá an dán cáiliúil taifeadta ag an aisteoir clúiteach Macdara Ó Fátharta agus é ar fáil in aisce do léitheoirí. Is in Cuairt San Nioclás ('Twas the Night Before Christmas) a ainmníodh den chéad uair ocht bhfia Shan Nioclás: TINTREACH, TOIRNEACH, RUÓG, RADAIRE, CÓIMÉAD, CÚIPID, RUAGAIRE, PREABAIRE. Agus níl trácht ar bith ann ar Rudolf, fia nár tháinig i gceist go dtí 1939 nuair a scríobh Robert L. May...Read More
-
Úrscéal Mór an Chogaidh Mhóir
Gan aon dabht, seo é 'Úrscéal Mór an Chogaidh Mhóir'. An t-aon úrscéal Gaeilge a phléann leis an gCéad Cogadh Domhanda (1914-18), agus is mórthaibhseach, éachtach an t-úrscéal é. Leabhar a thógfaidh a háit ar an tseilf in éineacht le húrscéalta Erich Maria Remarque agus Jaroslav Hašek, agus a sheasfaidh taobh le saothar mór na nGrianach Ógánaigh Chloich Chionnaola Faoi thailm na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig...Read More
-
Seoladh Mór na Samhna
San INEC i gCill Áirne Dé hAoine, reachtáilfear seoladh mór Leabhar Breac ag Oireachtas 2023. Ar na scríbhneoirí a bheidh i láthair i mbliana tá Liam Mac Cóil, Jacqueline de Brún, Antain Mac Lochlainn, Proinsias Mac a'Bhaird, Bernadette Nic an tSaoir agus Darach Ó Scolaí Diancheistiú ar Scríbhneoirí Leabhar Breac Cuirfear ceathrar de scríbhneoirí Leabhar Breac faoi agallamh, Liam Mac Cóil, Jacqueline de Brún, Proinsias Mac a'Bhaird agus Darach Ó Scolaí, agus déanfar plé ar an litríocht agus ar shaothar...Read More
-
Léitheoireacht na Samhna
Tá Oíche Shamhna ag druidim linn agus tá na cailleacha agus na púcaí ag réiteach don fhéile mhór. Agus fud fad na tíre tá cailleacha beaga agus taibhsíní ag foghlaim na ceirde i leabhair na Samhna. Cailleacha agus Zombaithe Go speisialta d'Oíche Shamhna, tá an bailiúchán breá pictiúrleabhar 'Arrachtaí' againn leis an sean-arrachtach aitheanta Enric Lluch Sna leabhair seo léifidh sibh faoi chailleacha, vaimpíreanna, zombaithe, cnámharlaigh agus gach uile chineál taibhse eile. Sa leabhar An Chailleach, léimid faoin ocras atá...Read More
-
Mad Sweeneyeachas Heaney
Mar is dual do chuid mhór de litríocht na Meánaoise, is téacs é Buile Shuibhne a bhfuil snátha iomadúla seanchais snaidhmthe ina chéile ann. Is téacs é a thugann léargas dúinn ar ilghnéitheacht an traidisiúin as ar fáisceadh Suibhne ach a léiríonn freisin nár éirigh le húdar an bhunscéil na snátha sin a thabhairt faoi réir a chéile go sásúil ná go comhsheasmhach. Ní locht ar an údar sin óir is de thréathra na cruthaitheachta meánaoisí gur mar sin a...Read More
-
An Seabhac agus Cath Fionntrá
Breandán Ó Cróinín Fear ildánach liteartha, fear polaitíochta agus duine des na pearsain ba mhó le rá i saol na Gaeilge in aimsir na hAthbheochana ab ea Pádraig Ó Siochfhradha (1883–1964), nó an Seabhac mar ab fhearr aithne air. Bheadh a ainm in airde mura mbeadh déanta aige ach an obair eagarthóireachta a dhein sé ar shaothar Thomáis Chriomhthain ón Oileán Tiar ach, taobh amuigh de sin, is mó saothar litríochta a chur sé de i gcaitheamh a shaoil: chuir...Read More
-
Prág 2017: Comhdháil Mhór na Gaeilge
Radvan Markus & Máirín Nic Eoin Loci autem mons curvatur in modum delphini, marini porci, tendens usque in predictum amnem. Ad quem cum perveneritis, invenietis hominem in media silva limen domus operantem. Et quia ad humile limen etiam magni domini se inclinant, ex eventu rei urbem, quam edificabitis, vocabitis Pragam. — Cosmas, Chronica Bohemorum, 1119-1125. [San áit sin, lúbann an sliabh, ar nós deilfe, muice mara, i dtreo na habhann thuasluaite. Nuair a thiocfaidh sibh ann, feicfidh sibh fear i...Read More
-
Agallamh: Úrscéal nua Sci-Fi sa Ghàidhlig chugainn
Tim Armstrong, úrscéalaí Gàidhlig agus údar Tinte na Farraige Duibhe, i mbun agallaimh leis an Réiviú Litríochta. Tá úrscéal Tim ar fáil i nGaeilge na hÉireann ó 2019 (é aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú) agus tá sé ag obair anois ar úrscéal nua. Úrsacéal Sci-fi na Gàidhlig á Léamh in Éirinn An Réiviú Litríochta Tá pobal léitheoirí nua aimsithe agat, a Tim. Cén tairbhe atá le baint as míle léitheoir nua, abair, ar an taobh seo de Shruth na...Read More
-
Robert Schuman, Columbanus, Ceallach, agus Aisling na hEorpa
Agus 50 bliain san Aontas Eorpach á chomóradh ag an tír seo, ba thráthúil an t-ábhar é léacht Éigse na Bruiséile, 'Aisling na hEorpa le 1,500 bliain: Ceallach, Columbanus agus Robert Schuman'. Ina chaint in Ambasáid na hÉireann sa Bhruiséil labhair Diarmuid Johnson ar an tionchar a bhí ag scéal Cholumbanus agus Cheallaigh (St Gall) ar fhis Robert Schuman don Eoraip. Ba é Robert Schuman (1886-1963) 'fear aontaithe na hEorpa'. Bhí sé ina phríomh-aire ar an bhFrainc faoi dhó, agus...Read More
-
Réimse leathan ábhair chugainn ó eagarthóirí Léann
I nDeireadh Fomhair na bliana seo a fheolseoidh Cumann Léann na Litríochta an seachtú hiimleabhar den iris scolártha Léann. Ar na hábhair atá faoi chaibidil san eagránb seo tá Franz Kafka agus Máirtín Ó Cadhain, nathanna na Gaeilge, saothar Phádraig Uí Chíobháin, dán adhmholta ón 15ú haois d'Éinrí Ó Néill, agus feidhmeannach agus biataigh Thír Eoghain sa 16ú haois. Is é an príomhchuspóir atá ag Cumann Léann na Litríochta plé a spreagadh ar stair, ar chúlra, agus ar chritic litríocht...Read More