Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Titim
“A Chríost na bhfeart, tá sé caillte,” arsa duine de na cailíní. “Maireann sé,” arsa Pádraig Óg. “Titim as a sheasamh a rinne sé. “Cá bhfuil a lia?” “Caithfear é a leagan go compordach in áit níos feiliúnaí,” arsa Conchúr. Chuaigh Conchúr ar a chromada agus chuir Pádraig Óg focal ina chluais. “Mura ndúisíonn sé, is é an Mheirg a thiocfas ina áit. Ba chóir duitse é a thabhairt do na boinn go beo.” Chrom Donncha agus labhair i gcogar...Read More
-
Ar Fostú ag Ó Néill
“Teastaíonn duine éigin uaim a bhféadfainn muinín iomlán a chur ann.” “Is mé do sheirbhíseach, a Thiarna.” “Agus mo chomhalta,” arsa Conn, “agus ná dearmadtar sin.” D’iompaigh sé chuig a ghiolla. “Beir focal uaim chuig an reachtaire agus abair leis an t-aireagal os cionn an chúil fíona a chur á ghlanadh do mo chléireach, do Chonchúr Mac Ardail. Agus iarr leabhar na gcuntas ar mhaor Uí Ágáin dó.” D’iompaigh sé ar ais chuig Conchúr. “Bí anseo amárach.” “Amárach, a Thiarna?...Read More
-
Conchúr Mac Ardail, Cara Rúin Uí Néill
“An fíor a ndeirid fút, a Chonchúir, gur bhainis litir as sparán eachlaigh, go ndearnais cóip di agus gur chuiris ar ais ina phóca í gan an séala a bhriseadh uirthi sula raibh glac choirce ite ag a chapall?” “Ní fíor, a Thiarna. Úll a thugas don each agus dhá mharc don eachlach.” — Súil an Daill, Darach Ó Scolaí: Leabhar Breac, Samhain 2021 Prionsa Eorpach ar an Déanamh Nua Tír Eoghain sa bhliain 1539 is tús le úrscéal nua...Read More
-
An Chomhairle is Fearr a Cuireadh ar Aon Chomhairleoir Riamh
Arsa Onóra Ní Néill le Conchúr Mac Ardail, ‘Cén chomhairle a chuireann Erasmus ar an gcomhairleoir?’ ‘Is dócha gurbh é a mhian go n-oibreodh mo leithéidse ar mhaithe leis an tiarnas.' arsa Conchúr. ‘Sin é a chomhairle don phrionsa, ach ní prionsa thusa, a Chonchúir, dá fheabhas thú,’ ar sise. ‘Mo chomhairle-se duit, a chomhairleoir: aire duit, mar feallfaidh na prionsaí ort agus fágfaidh siad ar an bport folamh thú.’ — Súil an Daill, Darach Ó Scolaí: Leabhar Breac, Samhain...Read More
-
Súil an Daill ag dul chun Cló
Ag dul chun cló an tseachtain seo, tá leabhar nua le Darach Ó Scolaí, úrscéal staire a shuitear i dTír Eoghain i lár an 16ú haois. In 2007 ghnóthaigh an Scolaíoch Gradam Uí Shúilleabháin 'Leabhar na Bliana' le húrscéal staire eile An Cléireach, agus in 2019 bronnadh Duais an Oireachtais ar an leabhar seo, Súil an Daill. Prionsa Eorpach ar an Déanamh Nua Tír Eoghain sa bhliain 1539 is tús leis an úrscéal, tá Conn Bacach Ó Néill ina thiarna...Read More
-
Tim Armstrong faoi Agallamh
Tim Armstrong, úrscéalaí Gàidhlig agus údar Tinte na Farraige Duibhe, i mbun agallaimh le Darach Ó Scolaí, foilsitheoir. Tá úrscéal Tim ar fáil i nGaeilge na hÉireann le bliain anuas (é aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú) agus tá sé ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe i mbliana. Ócáidí Poiblíochta in Éirinn Darach Ó Scolaí: Tá pobal léitheoirí nua aimsithe agat, a Tim. Cén tairbhe atá le baint as míle léitheoir nua, abair, ar an taobh seo de Shruth...Read More
-
Suibhne: Idir Shean is Nua
SUIBHNE – Idir Shean is Nua Buile Shuibhne: mórthéacs uathúil dífhasaigh de chuid chanóin liteartha na hEorpa ina gcloistear, roinnt céadta bliain sular tharla a leithéid sa gcuid eile de litríocht an Iarthair, guth sainiúil an aonaráin; saothar sciamhach neamhchanónda de chuid na Gaeilge ina dtugtar léargas den chéad uair riamh in aon cheann de theangacha neamhchlasaiceacha na hEorpa ar an ngeilt agus ar an lorg a fhágas an leonadh intinne — an tráma — ar intinn an té dá...Read More
-
Trí Theideal ar Ghearrliosta an Oireachtais
Trí theideal atá ag Leabhar Breac ar ghearrliostaí ghradaim an Oireachtais i mbliana, agus is údar mór bróid dúinn é — Mé Suibhne le Feargal Ó Bearra ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong (aistritheoir: Eoin P. Ó Murchú) ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe, agus Eachtra ar Oileán na Rún ar ghearrliosta ghradam Reics Carló. Guímid gach rath ar na húdair ar fad! Suibhne ar Ghearrliosta Leabhar na Bliana Scéal ollmhór é Mé Suibhne, leabhar...Read More
-
Trí Theideal ar Ghearrliostaí an Oireachtais
Trí theideal atá ag Leabhar Breac ar ghearrliostaí ghradaim an Oireachtais i mbliana, agus is údar mór bróid dúinn é — Mé Suibhne le Feargal Ó Bearra ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong (aistritheoir: Eoin P. Ó Murchú) ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe, agus Eachtra ar Oileán na Rún ar ghearrliosta ghradam Reics Carló. Guímid gach rath ar na húdair ar fad! Suibhne ar Ghearrliosta Leabhar na Bliana Scéal ollmhór é Mé Suibhne, leabhar...Read More
-
An Mad Sweeneyeachas
MÉ SUIBHNE – Sliocht as iarfhocal an údair Buile Shuibhne: mórthéacs uathúil dífhasaigh de chuid chanóin liteartha na hEorpa ina gcloistear, roinnt céadta bliain sular tharla a leithéid sa gcuid eile de litríocht an Iarthair, guth sainiúil an aonaráin; saothar sciamhach neamhchanónda de chuid na Gaeilge ina dtugtar léargas den chéad uair riamh in aon cheann de theangacha neamhchlasaiceacha na hEorpa ar an ngeilt agus ar an lorg a fhágas an leonadh intinne — an tráma — ar intinn an...Read More