0 Earra

Ceallach | Book Cover | Clúdach | boat hull | tóin báidTá Slad na hAoine linn arís, agus tá réimse mór leabhar — idir shean is nua, leabhair do pháistí is do dhaoine fásta — ar fáil ar lascaine ar an suíomh do shladmhargadh dheireadh seachtaine deiridh na Samhna.

Manaigh na hÉireann is Fealsaimh na Gréige

Ar na leabhair is nuaí, tá úrscéal breá nua Dhiarmada Johnson Ceallach, a thugann siar agus soir go croílár na hEorpa sinn i gcomhluadar Cholumbanus. Leabhar í seo a thaitneoidh go mór le léitheoirí a bhain sásamh as Éadaoin, Tuatha Dé Danann agus Conaire Mór.

Leabhar fealsúnachta is ea leabhar nua Antain Mhic Lochlainn Tóraíochta na Dea-Bheatha, leabhar a thugann siar ar chosán na féin-aithne sin chun eolas a chur ar Seneca, Zeno Plato agus seanfhealsaimh na Gréige — agus a chuireann an cheist mhór, ‘‘Conas is fearr do dhuine a shaol a chaitheamh?’

Clúdach Leabhair | Book cover, SiúrmóÓ Bhaile an Chnoic go Marseille na Meánmhara

Tá an t-úrscéal nua do pháistí le Jacqueline de Brún Cloch na Gréine (sa bhailiúchán céanna le Scoil an Chnoic), agus í maisithe go seóigh ag an ealaíontóir Vince Reid; agus tá an t-aistriúchán breá ar scéinséir Meánmharach Jean-Claude Izzo Siúrmó atá aistrithe dúinne ag Bernadette Nic an tSaoir agus a thugann go cúlsráideanna Mharseille muid i bhfochair Fabio Montale. Bhain go leor léitheoirí an-sásamh as an gcéad úrscéal le hIzzo, Kíor Thuathail.

Cath Fionntrá agus an Táin in Eagrán Nua

Ar fáil freisin, tá réimse leabhar faoi chló nua. Tar éis di a bheith as cló le bliain anuas, tá eagrán nua de Táin Bo Cuailnge le Darach Ó Scolaí ar fáil — móide gluais agus innéacs. Seo í an leabhar a ghnóthaigh Gradam Aodáin Mhic Phoilin in 2017.

Tá eagrán úrnua den seanscéal fiannaíochta a d’fhoilsigh Pádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac) in 1911 ar fáil in eagrán athchóirithe ag Breandán Ó Cróinín. Déanann Cath Fionntrá cur síos ar an scéal catha is mó atá san Fhiannaíocht, tráth a fuair buíon bheag den Fhiann an bua ar Rí an Domhain.

Book cover, Cloch na GréineScéalta Móra na Nollag

Agus tá mór-úrscéal Liam Mhic Cóil, Fontenoy ar fáil in eagrán breá nua — leabhar a ghnóthaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2006 agus a bhí as cló le dhá bhliain anuas. Ar fáil freisin, tá eagrán nua de mhórshaothar Anraí Mhic Giolla Chomhaill Díolaim Próis 1450-1850, leabhar a bhí as cló le breis is scór bliain. Bailiúchán de sheansliochta as prós na Gaeilge atá sa leabhar maille le nótaí an eagarthóra. Cailleadh an tAthair Harry Mac Giolla Chomhaill in 2021.

Dar ndóigh, tá leabhair na Nollag ann: Duan na Nollag le Charles Dickens — í aistrithe ag an bhfoclóirí Pádraig Ó Duinnín agus maisithe Arthur Rackham. Tá An Nollaig Thuas le Aoife Ní Dhufaigh ann (sa tsraith Síoga Lios Lurgain) agus í maisithe ag Caomhán Ó Scolaí. Chomh maith le réimse mór eile leabhar Gaeilge atá ar fáil inár siopa leabhar ar-líne.