Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
The 5 Best Irish Language Books for Beginners
Adult beginners have the difficult task of finding Irish language books that are easy enough to read but that are interesting enough for a sophisticated adult reader. Not as easily said as done. However, Leabhar Breac has a number of High Interest / Low Vocabulary books (Hi-Lo) that should keep adults reading. So, what are the 5 best Irish language books for beginners? No 1: Bithiúnaigh Bithiúnaigh (Rogues) by Peadar Ó Cualáin (awarded the first prize, Oireachtas 2007), a fantasy...Read More
-
Féile na Leabhar 2022
Sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar 16-17 Meán Fómhair a tionóladh féile litríochta Leabhar Breac. Páirteach i gceithre sheisiún a reáchtáladh thar dhá lá, bhí dháréag de scríbhneoirí agus aistritheoirí na Gaeilge, chomh maith le slua breá léitheoirí a d'fhreastail ar na himeachtaí. Triúr aistritheoirí aitheanta a bhí ar an gcéad phainéal, Muiris Ó Raghallaigh, Antain Mac Lochlainn agus Labhrás Ó Finneadha agus iad faoi stiúir ag an gceathrú haistritheoir, Alan Titley. Sa seisiún a mhair uair an chloig, pléadh...Read More
-
Cuairt San Nioclás ar Lascaine Speisialta!
I gceiliúradh ar bhronnadh Ghradam de Bhaldraithe ar Cuairt San Nioclás, tá an leabhar ar fáil ar lascaine speisialta go deireadh na míosa seo. Is sa dán clúiteach 'Oíche Nollaig go Deireanach' nó 'Twas the Night Before Christmas' le Clement Clarke Moore a ainmníodh den chéad uair ocht bhfia Shan Nioclás: TINTREACH, TOIRNEACH, RUÓG, RADAIRE, CÓIMÉAD, CÚIPID, RUAGAIRE, PREABAIRE. Agus níl trácht ar bith ann ar Rudolf, fia nár tháinig i gceist go dtí 1939 nuair a scríobh Robert L....Read More
-
Eachtraí as Oileán na Rún!
Brian Ó Broin, Údar ildánach ar Oileán na Rún Samhradh ciúin in Éirinn? Beag seans! Tá ceann de sheoda móra na tíre goidte as an Ard-Mhúsaem agus tá cailís ríluachmhar imithe ó láthair sheandálaíochta ar oileán ar Loch Deirgeirt. Tá ceangal mistéireach idir an dá eachtra gadaíochta sin agus seanteach i mBaile Átha Cliath, agus is iad Mac Dara agus Ána amháin, beirt déagóirí ar cuairt as Nua-Eabhrac, a thuigeann an ceangal sin. Ach an dTiocfaidh Ána agus Mac Dara...Read More
-
Deirdre Tigh Mholly
Pictiúrleabhar le Darach Ó Scolaí agus Anastasia Melnykova í Deirdre, leagan nua den seanscéal Éireannach agus Albanach Longes Mac nUislenn atá le foilsiú ag Leabhar Breac i mí Dheireadh Fómhair. Cé go bhfuil scéal Dheirdre ar fáil mar choimic agus mar phictiúrleabhar do pháistí, níl leagan ceart cruinn den seanscéal ann do léitheoirí fásta. Leabhar breá maisiúil í seo a bheidh feiliúnach le léamh ag léitheoir fásta nó le léamh do dhaoine óga. Seolfar Deirdre Tigh Mholly ar an Lochán...Read More
-
Seacht dTír Seacht dTeanga ar an nGearrliosta
Tá an leabhar neamhfhicsin Seacht dTír Seacht dTeanga le Diarmuid Johnson fógartha ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, ”Leabhar na Bliana’ 2022. Bronnadh Duais an Phróis ag an Oireachtas ar an scríbhinn seo anuraidh. Ghnóthaigh a úrscéal Tuatha Dé Danann an duais in 2018 agus ghnóthaigh Conaire Mór í in 2017. Is ar an 6 Deireadh Fómhair a fhógrófar an buaiteoir. Leabhar Taistil agus Ceoil Leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil í Seacht dTír Seacht dTeanga; leabhar ilghnéitheach bríomhar...Read More
-
Súil an Daill ar an nGearrliosta
Tá an t-úrscéal Súil an Daill le Darach Ó Scolaí fógartha ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, ''Leabhar na Bliana' 2022. Bronnadh Duais an Oireachtais ar an úrscéal seo in 2019. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach an duais in 2007 agus cé go raibh Na Comharthai agus Táin Bó Cuailnge ar an ngiorrliosta níor thugadar leo an duais. Is ar an 6 Deireadh Fómhair a fhógrófar an buaiteoir, Úrscéal Nua-Aimseartha Scéal uilíoch daonna é scéal Súil an Daill. Baintreach agus athair...Read More
-
Díolaim Anraí Tagtha!
Tagtha te bruite as na clódóirí — leabhar mór Anraí Mhic Giolla Chomhaill, Díolaim Próis 1450-1850 agus í faoi chló agus faoi chlúdach breá nua. Sleachta as prós-scríbhneoireacht na Gaeilge sa ré 1450-1850 (faoi litriú na haoise seo) atá sa díolaim nó sa chnuasach clúiteach seo le hAnraí Mac Giolla Chomhaill — nó an tAthair Harry mar ab fhearr aithne ar an scoláire Gaeilge as Doire a cailleadh anuraidh. San eagrán nua seo tá nóta beathaisnéise leis an Ollamh Malachy...Read More
-
Tá Fómhar na Leabhar Chugainn!
Tá Fómhar na Leabhar chugainn! Sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar an 16-17 Meán Fómhair a reáchtálfar Fómhar na Leabhar — féile litríochta a dhéanfaidh ceiliúradh ar scríbhneoirí, ar an scríbhneoireacht agus ar an léitheoireacht féin. I sraith comhráití poiblí agus léamhanna, tabharfar scríbhneoirí agus a gcuid léitheoirí le chéile le plé a dhéanamh ar an litríocht, ar an léitheoireacht agus ar a saothar féin. An Ceathrú Póilí i gCroílár an Cheiliúrtha I bhfianaise an borradh atá tagtha faoin léitheoireacht...Read More
-
Tagtha i dtír!
"Tá siad tagtha i dtír!" Tá Dáire Donn, Rí an Domhain, agus an cabhlach ollmhór atá bailithe le chéile aige chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn tar éis teacht i dtír i bhFionntrá — tá sin, agus cóipeanna de leabhar breá an tSeabhaic (agus í athchóirithe ag Breandán Ó Cróínín) ag tuirlingt anois ar shiopaí maithe leabhar fud fad na tíre!. Tá Sluaite Rí an Domhain ar an Toinn Anois agus an uile thír faoina smacht ag Dáire Donn, Rí...Read More