Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Eagrán a Dhiongbhála ag Suibhne
I dtrí cinn de lámhscríbhinní a mhaireann scéal Shuibhne: ceann a bhreac Dáibhidh Ó Duibhgeannáin idir 1671–75; ceann a bhreac Tomhaltach Mac Muirghíosa idir 1721–1722; agus leagan ciorraithe dá scéal a bhreac Míchéal Ó Cléirigh i 1629. Is in Acadamh Ríoga na hÉireann atá an chéad dá lámhscríbhinn agus i Leabharlann Ríoga na Beilge, sa Bhruiséil, atá lámhscríbhinn Uí Chléirigh. Peannaireacht na Scríobhaithe ar Taispeáint ugann an t-údar Feargal Ó Béarra ómós speisialta do Dháibhidh Ó Duibhgeannáin san eagrán seo...Read More
-
Buile Shuibhne faoi Chló na hAoise Seo
Buile Shuibhne faoi chló na haoise seo atá sa leabhar nua le Feargal Ó Béarra, Mé Suibhne. Scéal faoin ngalar intinne, faoi mhaslú na hEaglaise, faoi oidhe íogair an duine. Scéal ina bhfuil na seacht dtéamaí uilíocha: an grá, an ghruaim, an duairceas, an suairceas, an t-aiféala, an maithiúnas, agus an slánú. Léargas anseo grinn ar an meabhairghalar Téacs tábhachtach as canóin liteartha na hEorpa é an scéal mór seo de chuid na Gaeilge ina dtugtar grinnléargas tuisceanach den chéad...Read More
-
Na Beanna Beola
[audio m4a="https://leabharbreac.com/wp-content/uploads/2021/06/Na-Beanna-Beola.m4a"][/audio] NA BEANNA BEOLA (de réir mar atá feiceáil orthu as Inis Ní) Beanna buana, beanna balbha Beanna barrmhaola, beanna bunramhra. Beanna broinndorcha, beanna blaoscrúnda Beanna brúcht-ársa, beanna briatharmhúchta. Beanna breaca lá breá Beanna bráidghorma lá brothaill. Beanna boga lá brádáin Beanna báistí lá braonach. Binn Gabhar, Binn Bhán Binn Bhreac, Binn Charrach. Binn an Choire Mhóir, Binn an Choire Bhig Binn Doire Chláir, Binn Ghleann Uisce: Beanna banchruinne, beanna baithisbhearrtha Beanna bruach-chorcra, beanna bard-tostacha. Beanna bolgacha, beanna...Read More
-
Údar Ildánach in Oileán na Rún!
Údar ildánach é Brian Ó Broin. Gaillimheach é, léachtóir, múinteoir, agus craoltóir, agus is ollamh ollscoile é in William Paterson University, Nua-Gheirsí. Tá saothair i gcló leis sa teangeolaíocht, i léann na meánaoise, agus i léann na hÉireann. Tá roinnt duaiseanna Oireachtais buaite aige as a chuid úrscéalta agus drámaí, agus cuireadh a dhráma Na hEorpaigh ar stáitse i dTaibhdhearc na Gaillimhe in 2002. Ollamh, Scríbhneoir, Craoltóir agus Gaillimheach I Nua-Gheirsí atá cónaí ar an údar ildánach seo, lena bhean...Read More
-
Eachtraí as Oileán na Rún!
Brian Ó Broin, Údar ildánach ar Oileán na Rún Samhradh ciúin in Éirinn? Beag seans! Tá ceann de sheoda móra na tíre goidte as an Ard-Mhúsaem agus tá cailís ríluachmhar imithe ó láthair sheandálaíochta ar oileán ar Loch Deirgeirt. Tá ceangal mistéireach idir an dá eachtra gadaíochta sin agus seanteach i mBaile Átha Cliath, agus is iad Mac Dara agus Ána amháin, beirt déagóirí ar cuairt as Nua-Eabhrac, a thuigeann an ceangal sin. Ach an dTiocfaidh Ána agus Mac Dara...Read More
-
An Sáile in Inis Ní
[audio wav="https://leabharbreac.com/wp-content/uploads/2021/04/An-Saile-in-Inis-Ni.wav"][/audio] AN SÁILE IN INIS NÍ Mí Mhárta in Inis Ní Seo mar a bhí – Seo mar a bhí an sáile agus an ghaoth: Bhí fuarsháile ann lá fionnghaoithe Feallsháile lá floscghaoithe Fraochsháile lá frasghaoithe. Bhí sáile rua ann lá rúscghaoithe Sáile riabhach lá ropghaoithe Sáile ribeach lá rúidghaoithe. Bhí breacsháile ann lá biorghaoithe Bruthsháile lá borbghaoithe Baothsháile lá bloscghaoithe. Bhí cúrsháile ann lá corghaoithe Colgsháile lá conghaoithe Ciúinsáile lá caoinghaoithe. Bhí tromsháile ann lá tréanghaoithe Tras-sáile...Read More
-
Hugo Pratt, Úrscéalaí Graifice Extraordinaire
Tá cruthaitheoir 'Corto Maltese', Hugo Pratt, ar cheann de na húrscéalaithe graifice is cáiliúla ar domhan. Is é an tsraith Corto an tsraith is iomráití dá chuid, tá breis agus fiche leabhar scríofa aige, iad aistrithe in iliomad teangacha. Áirítear an chéad úrscéal sa tsraith sin, Port na Farraige Goirt ar an dara leabhar is mó a raibh tóir ag léitheoirí Le Monde air. Is geall le húrscéal ann féin scéal a bheatha. I Rimini na hIodáile a saolaíodh é...Read More
-
An Criathrach faoi Shamhain
[audio wav="https://leabharbreac.com/wp-content/uploads/2021/02/Criathrach-faoi-Shamhain3-2.wav"][/audio] AN CRIATHRACH FAOI SHAMHAIN d’Fheargal Criathrach rua, criathrach buí Criathrach Samhna, síorchriathrach sí. Buí-rua an criathrach, buí-rua ruabhuí Leathbhuí anois, leath-ruabhuí arís. Lagbhuí an criathrach, lagbhuí lagrua, Leathlagbhuí, leath-lag-ruabhuí. Taosbhuí an criathrach seo Gona chrann crom rua agus buí Crann crom, criathrach lagthaosbhuí. An criathrach seo is gruabhuí Lá dorcha Samhna is aitealbhuí Criathrach scothbhuí: is lag-scothbhuí a lí. Donnbhuí an donnchriathrach seo Donnfholt idir ghiolc agus chíb Donn, tréandonn, bundonn, barrbhuí. Teimhealrua dó fós, teimhealrua, pollrua,...Read More
-
Úrscéal ann féin é Tim Armstrong
Scéal ann féin é Tim Armstrong. Ceoltóir punc, taighdeoir sa víreaseolaíocht, ainrialaí Meiriceánach, léachtóir Gaidhlig, agus údar Albanach: is úrscéal ann féin é. In 2020 d'fhoilsigh Leabhar Breac aistriúchán ar a úrscéal ficsin eolaíochta, Tinte na Farraige Duibhe (Air Cuan Dubh Drilseach). Is é Eoin P. Ó Murchú a rinne an t-aistriúchán agus is é an t-aistriúchán is faide ó Ghaidhlig go Gaeilge go dtí seo é. Mill a h-Uile Rud! Le deireanas chuir Eoin an t-údar faoi agallamh ar...Read More
-
Lá Vailintín — Níl sé Ró-Mhall!
Níl sé ródheireanach, tá cúpla lá eile fanta roimh Lá Fhéıle Vailintín ... agus in am seo an uaignis, cén bronntanas is fearr ná leabhar! Seo í an deis agat féin agus ag do ghrá geal a bheith páirteach in Leabhra Feabhra — LeabhraFeabhra 2021 — agus leabhar a bhronnadh ar chara do chléibh i mí seo na Féile Bríde. Cá bhfios nach mbeadh leabhar faoi do philiúr féin Dé Domhnaigh?!! Agus i mbliana, do LeabhraFeabhra 2021, tá lascaine ar...Read More