Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Leabhra Feabhra — Léitheoireacht don Óige
Nós réasúnta nua is ea Leabhra Feabhra — LeabhraFeabhra 2021 — nó leabhar a bhronnadh ar chara nó ar dhuine muinteartha i mí na Féile Bríde. Ní hé sin le rá nach gníomh seanbhunaithe é óir bhí cáil na flaithiúlachta agus cáil an léinn ar Ghaeil riamh, agus an-dílseacht acu d'fhéilte móra na bliana. I mbliana, do LeabhraFeabhra 2021, tá lascaine ar fáil ar leabhair ó leabharbreac.com ach an dearbhán LF21 a úsáid sa siopa ar-líne. "Le gach Bó a...Read More
-
Leabhra Feabhra — Léitheoireacht idir Óg is Aosta
Nós réasúnta nua is ea Leabhra Feabhra, nó leabhar a bhronnadh ar chara nó ar dhuine muinteartha i mí na Féile Bríde. Ní hé sin le rá nach gníomh seanbhunaithe é óir bhí cáil na flaithiúlachta agus cáil an léinn ar Ghaeil riamh, agus an-dílseacht acu d'fhéilte móra na bliana. "Le gach Bó a Bóín, le gach Leabhar a Mac-Leabhar" Go deimhin is é Colmcille is mó a luaitear le leabhair, an naomh a chuaigh chun cogaidh mar gheall ar...Read More
-
An Stair, an Dlí, agus an Ghaeilge
Stádas na Gaeilge faoin mBunreacht, faoin gcásdlí, agus faoi dhlí an Aontais Eorpaigh — go stairiúil agus faoi láthair — is ábhar don leabhar seo. Cuimsítear inti pleanáil agus pleanáil teanga, oideachas, craolachán, an tseirbhís phoiblí, cúrsaí Gaeltachta, Tithe an Oireachtais agus na Cúirteanna. Déantar mionphlé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus moltar leasuithe atá bunaithe ar scoth-chleachtais i gCeanada agus ar Mhór-Roinn na hEorpa. Leabhar Tairbheach Fiúntach Is sain-téacs-leabhar é don mhac léinn agus don dlíodóir cleachtach atá scríofa...Read More
-
Oíche Scéalaíochta agus Marú ar Bhruach Locha
Agus sinn ag druidim leis an Nollaig, is caoi agus is feiliúnach an clúdach atá ar an eagrán nua de Feis Tigh Chonáin, leagan Dharach Uí Scolaí de Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe — nua-insint ar sheanscéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois. Radharc as pictiúr cáiliúil Phieter Bruegel atá ar an gclúdach, Sealgairí sa Sneachta. óir is mar sin a chuirtear tús le Feis Tigh Chonáin, agus an dá fhéinní, Fionn agus Diorraing sa choill tar éis lá seilge....Read More
-
An Fharraige Dhubh ar Lasadh
Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid. Beirt ar a dTeitheadh i Spás-Long Lastais Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag...Read More
-
Réalta Nua na gCoimicí: Cáitín Chaoch
Tá réalta nua i ndomhan na gcoimicí tagtha ar an bhfód! Caochán í Cáitín, ainmhí beag a mhaireann faoin talamh ar Mhór-Roinn na hEorpa. Tá sí féin a chuid cairde — coiníní, froganna, broic is lucha — ina gcónaí sna tolláin, sna poill agus sna brocaigh atá déanta acu faoin scraith. Agus cé go bhfuil Cáitín caoch is sárchóchaire í — má thaitníonn brúitín péisteanna leat, toirtín seangán nó soufflé seilidí!!! Agus mar gur cócaire maith í, dar ndóigh, níl...Read More
-
Óráidí na Staire
Ó thús na staire, tá sé aitheanta gur gléas cumhachtach cumarsáide an óráid phoiblí. Bíonn feidhm le briathra a deirtear os comhair slua — le daoine a ghríosú chun gnímh, leis an éagóir a chur ina ceart, le cath a chur ar an tíoránacht, leis an ngrá a chraobhscaoileadh, le misneach a chur ar dhaoine a bhfuil cruatan rompu, le tuairimí nua a nochtadh nó le heolas a thabhairt. Bíonn feidhm níos suaraí leo freisin — le holc agus bréaga...Read More
-
Gradam Buaite ag Ar Luch agus ar Dhuine
Tá Gradam de Bhaldraith buaite ag aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar úrscéal clúiteach Steinbeck, Of Mice and Men. Gradam litríochta de chuid chomórtais an Oireachtas atá sa ghradam seo agus ba in 2019 a cuireadh tús leis an ghradam. Bronntar an gradam ar an aistriúchán is fearr gach bliain. Eagrán álainn Gaeilge den seanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men atá sa saothar— leabhar a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Scéal atá ann...Read More
-
Foghlaí Mara!
Ó mheall an foghlaí mara Long John Silver an déagóir óg Jim Hawkins chun na farraige, tá muid faoi dhraíocht ag Oileán an Órchiste le Robert Louis Stevenson. Scéal láidir atmaisféarach faoi mhapa foghlaí mara, faoi oileán agus órchiste, agus faoi bhithiúnaigh ar muir is ar tír! Jim Hawkins agus Long John Silver Cé nach bhfuil sé deich mbliana ó aistríodh úrscéal iomráiteach Robert Louis Stevenson Treasure Island go Gaeilge, seasann sé mar chlasaic ar sheilfeanna leabhar. San eagrán breá sómásach seo de Oileán an Órchiste le mórscríbhneoir...Read More
-
Trí Leabhar as Deich ag Leabhar Breac!
Trí leabhar atá ag Leabhar Breac sna deich leabhar is fearr a foilsíodh in 2020 dar le Tuairisc.ie. Sa naoú háit tháinig Éadaoin le Diarmuid Johnson, sa tríú háit tháinig An Ghaeilge sa Dlí le Dáithí Mac Cárthaigh, agus sa dara háit (taobh thiar den fhoclóir nua, tháinig Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil. "An Sméar Mhullaigh" 'Sméar mhullaigh thríológ Liam Mhic Cóil' a thugann Dónall Ó Braonáin ar Bealach na Spáinneach. Ag scríobh dó ar Tuairisc.ie is é...Read More