Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Prág 2017: Comhdháil Mhór na Gaeilge
Radvan Markus & Máirín Nic Eoin Loci autem mons curvatur in modum delphini, marini porci, tendens usque in predictum amnem. Ad quem cum perveneritis, invenietis hominem in media silva limen domus operantem. Et quia ad humile limen etiam magni domini se inclinant, ex eventu rei urbem, quam edificabitis, vocabitis Pragam. — Cosmas, Chronica Bohemorum, 1119-1125. [San áit sin, lúbann an sliabh, ar nós deilfe, muice mara, i dtreo na habhann thuasluaite. Nuair a thiocfaidh sibh ann, feicfidh sibh fear i...Read More
-
Agallamh: Úrscéal nua Sci-Fi sa Ghàidhlig chugainn
Tim Armstrong, úrscéalaí Gàidhlig agus údar Tinte na Farraige Duibhe, i mbun agallaimh leis an Réiviú Litríochta. Tá úrscéal Tim ar fáil i nGaeilge na hÉireann ó 2019 (é aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú) agus tá sé ag obair anois ar úrscéal nua. Úrsacéal Sci-fi na Gàidhlig á Léamh in Éirinn An Réiviú Litríochta Tá pobal léitheoirí nua aimsithe agat, a Tim. Cén tairbhe atá le baint as míle léitheoir nua, abair, ar an taobh seo de Shruth na...Read More
-
Robert Schuman, Columbanus, Ceallach, agus Aisling na hEorpa
Agus 50 bliain san Aontas Eorpach á chomóradh ag an tír seo, ba thráthúil an t-ábhar é léacht Éigse na Bruiséile, 'Aisling na hEorpa le 1,500 bliain: Ceallach, Columbanus agus Robert Schuman'. Ina chaint in Ambasáid na hÉireann sa Bhruiséil labhair Diarmuid Johnson ar an tionchar a bhí ag scéal Cholumbanus agus Cheallaigh (St Gall) ar fhis Robert Schuman don Eoraip. Ba é Robert Schuman (1886-1963) 'fear aontaithe na hEorpa'. Bhí sé ina phríomh-aire ar an bhFrainc faoi dhó, agus...Read More
-
Réimse leathan ábhair chugainn ó eagarthóirí Léann
I nDeireadh Fomhair na bliana seo a fheolseoidh Cumann Léann na Litríochta an seachtú hiimleabhar den iris scolártha Léann. Ar na hábhair atá faoi chaibidil san eagránb seo tá Franz Kafka agus Máirtín Ó Cadhain, nathanna na Gaeilge, saothar Phádraig Uí Chíobháin, dán adhmholta ón 15ú haois d'Éinrí Ó Néill, agus feidhmeannach agus biataigh Thír Eoghain sa 16ú haois. Is é an príomhchuspóir atá ag Cumann Léann na Litríochta plé a spreagadh ar stair, ar chúlra, agus ar chritic litríocht...Read More
-
Caoineadh Airt Uí Laoghaire le plé agus le comóradh i nGaillimh
Dhá chéad caoga bliain tar éis bhás Airt Uí Laoghaire, is é mórchaoineadh Eibhlín Dubh Ní Chonaill a bheidh idir camáin ag na scoláirí ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon leis an gcaoineadh mar sheánra agus le hoidhreacht liteartha na Gaeilge i gCúige Mumhan san 18ú agus sa 19ú haois. Comóradh 250 bliain ar bhás Airt Uí Laoghaire Caoineadh a chum Eibhlín Dubh Ní Chonaill, go príomhdha, ar bhás a...Read More
-
Gearrliostaí Ghradaim Foilsitheoireachta 2023 Fógartha
Ar an 15 Lúnasa 2023, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile). Duaischiste €17,000 do leabhair Ghaeilge Fiche leabhar atá ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo - seacht leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, sé leabhar ar...Read More
-
Radvan Markus agus a charnabhal mór Cadhnach
Ábhar áthais do mhic léinn is scoláirí na nua-litríochta foilsiú leabhar nua an Dr Radvan Markus, Carnabhal na Marbh. Seo í an mórshaothar faoi Chré na Cille leis an scoláire a d’aistrigh an t-úrscéal go dtí an tSeicis. Leabhar í a phléann úrscéal mór Mháirtín Uí Chadhain i gcomhthéacs na tréimhse ina bhfuil aistriúcháin ar an úrscéal sin á leathadh go hidirnáisiúnta. Cré na Cille sa Chomhthéacs Idirnáisiúnta Tagann Carnabhal na Marbh: Cré na Cille agus Litríocht an Domhain i dtír ar...Read More
-
Táin Bó Cuailnge: an Scannán
Bliain mhór don Táin í — agus tús á chur le hobair ar an scannán beochana Táin Bó Cuailnge! Is é John McCloskey (An Béal Bocht) atá i mbun na hoibre agus tá súil againn go mbeidh an scannán le feiceáil againn in 2026. I mbliana freisin a foilsíodh an t-eagrán nua den leabhar le Darach Ó Scolaí (móide gluais agus innéacs). Seo í an tríú cló ar an leabhar, saothar a bhí as cló le beagnach bliain anuas. Ionradh...Read More
-
Carnabhal Mór Radvan
Faoi dheireadh is faoi dheoidh, tá Carnabhal mór Radvan ar fáil! Seo í an mórshaothar faoi Chré na Cille leis an scoláire a d'aistrigh Cré na Cille go dtí an tSeicis, Radvan Markus. An té a bhfuil suim aige i nualitríocht na Gaeilge, nó san aistriúchán, beidh tóir aige ar an leabhar taighde seo a phléann úrscéal mór Mháirtín Uí Chadhain Cré na Cille i gcomhthéacs na tréimhse ina bhfuil aistriúcháin ar an úrscéal á scaipeadh go hidirnáisiúnta. Cré na...Read More
-
Leabhar Deiridh an tSamhraidh
Le teacht na huaire breá arís níor mhór dúinn fad beag eile as an léitheoireacht trá, agus níl rogha is fearr do leabhar deireadh an tsamhraidh ná Oileán an Órchiste. Ó mheall an foghlaí mara Long John Silver an déagóir óg Jim Hawkins chun na farraige, tá muid faoi dhraíocht ag úrscéal Robert Louis Stevenson. Scéal láidir atmaisféarach faoi mhapa foghlaí mara, faoi oileán agus órchiste, agus faoi bhithiúnaigh ar muir is ar tír! Long John Silver Cé nach bhfuil...Read More