Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Feargal Ó Béarra, scríbhneoir, ceoltóir agus scoláire ar lár
Gan é bliain féin ar lár, aithnítear an caillteanas mór inár measc agus duine de na scríbhneoirí, de na cumadóirí ceoil, agus de na scoláirí ba mhó a bhí againn sciobtha uainn. "scoláire agus scríbhneoir Gaeilge i mbláth a mhaitheasa" a thug an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha air. Le blianta beaga anuas, rinne sé athchóiriú ar phéire de sheanscéalta móra na Gaeilge, ‘Tromdhámh Guaire’ agus ‘Buile Shuibhne’. Bronnadh gradam Leabhar na Bliana 2019 ar ‘An Tromdhámh’, agus bhí an leabhar...Read More
-
“Tá an-tábhacht leis na Gradaim”
“Tá an-tábhacht leis na gradaim,” arsa Diarmuid Johnson inné, ar chloisteáil dó go raibh a úrscéal Ceallach áirithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana.” Is i dteannta a chéile is fearr sinn “Bíonn sé de sprioc ag an scríbhneoir agus an an bhfoilsitheoir saothair mhaithe a chur os comhair an phobail, agus is cuid den obair sin atá sna comórtais liteartha. Cuireann sé áthas ar mo chroí aird a bheith ar mo leabhar féin, agus tréaslaím a saothar leis...Read More
-
Trí Leabhar ar an nGearrliosta
Trí leabhar atá ag Leabhar Breac ar an ngearrliosta do ghradaim foilsitheoirechta an Oireachtais 2023: Ceallach le Diarmuid Johnson atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin; Siúrmó le Jean-Claude Izzo (agus aistrithe ag Bernadette Nic an tSaoir), agus Cuairt San Nioclás le Clement C. Clarke (agus aistrithe ag Darach Ó Scolaí) atá ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe. Buaiteoir le hainmniú i mí Dheireadh Fómhair. Tréaslaímid a n-ainmniúchán leis na húdair agus leis an aistritheoir agus guímid an t-ádh orthu...Read More
-
Siúrmó — Léitheoireacht Samhraidh
Siúrmó — léitheoireacht samhraidh. Is í atá á léamh acu i Marseille an samhradh seo. Scéinséir mór gréine na bliana seo, é te sna sálaí ar Kíor Thuathail — agus é aistrithe go binn blasta ag Bernadette Nic an tSaoir dúinn. Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus so- craíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote...Read More
-
Seoirse Fillte
Triantán suthain suite i mbaile cois farraige in Éirinn na linne seo is ea Filleann Seoirse, an chéad úrscéal le hEilís Ní Anluain — úrscéal atá as cló le dhá bhliain anuas agus atá ar fáil anois faoi chlúdach bog. Ménage à Trois in Oirthear Tíre Nuair a thagann seanchara ar cuairt ar lánúin nuaphósta, fágann sé a lorg ar an ménage. Trí shúile na mná a nochtar an scéal seo, úrscéal a dhéanann láimhseáil phaiteanta ar mhothúcháin agus ar intleacht,...Read More
-
Ceallach Seolta
Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 18 Aibreán, seoladh an t-úrscéal is deireanaí le Diarmuid Johnson, Ceallach. Is é Antain Mac Lochlainn a sheol — agus é sin déanta go habarach le tionlacan bhinn bhlasta Bhríd Harper ar an veidhlín sular léigh Diarmuid féin cúpla mír as a leabhar. "An Rud is Ársa is Iontach" Ag trácht ar an leabhar dó, is é a dúirt Antain Mac Lochlainn: "Le fírinne, ní féidir insint agus stíl a scaradh ó...Read More
-
Seolfar Ceallach
Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 18 Aibreán, seolfar an t-úrscéal nua le Diarmuid Johnson, Ceallach. Is é Antain Mac Lochlainn a sheolfaidh an leabhar le tionlacan Bhríd Harper ar an veidhlín, agus léifidh Diarmuid cúpla mír as an leabhar. Leabhar Álainn a Léifear le Práinn Ag trácht ar an leabhar do Mháire Ní Fhinneadha ar Tuairisc is é a dúirt sí, "Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn … Ní bíobla lán soiscéalta...Read More
-
Deirdre
Deirdre, nó Loingeas Mhac Uisnigh, an dara leabhar atá le foilsiú faoi Thionscadal na nÚrscéal le tacaíocht ó Cholmcille. Foilsíodh Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong (Air Cuan Dubh Drilseach, CLÀR, 2013; aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú) in 2020. Deirdre na hAlban agus na hÉireann Pictiúrleabhar le Darach Ó Scolaí agus Anastasia Melnykova é Deirdre, leagan nua den seanscéal Éireannach agus Albanach Longes Mac nUislenn atá le foilsiú ag Leabhar Breac i mí Dheireadh Fómhair. Cé go bhfuil...Read More
-
Táin Bó Cuailnge – an Scannán!
Tá obair faoi lán an tseoil faoi láthair ar an scannán beochana An Táin. Is iad an léiritheoir Deaglán Ó Mocháin agus an stiúrthóir Pearse Moore atá ina bhun. John McCloskey atá i mbun na healaíne agus is é Darach Ó Scolaí a scríobh an script. Ón mBéal Bocht go dtí an Táin Is é an t-ealaíontóir, John McCloskey, a rinne an scannán beochana An Béal Bocht (2018) i gcomhair le Pearse Moore — agus is é a dhear an...Read More
-
Feargal Ó Béarra RIP
"Bhí Feargal Ó Béarra ar dhuine de na daoine ba chumasaí dár casadh ariamh orm; bhí bua na scoláireachta aige, bua an cheoil agus bua na scríbhneoireachta — agus crua-Ghaeilge le cois. "Bhí sé d'ádh orainne, i Leabhar Breac, a bheith ag obair leis, agus is féidir liom a rá gur duine é a bhí éilitheach ó thaobh na hoibre de — leag sé caighdeán ard síos dó féin agus dúinn uilig: b'fhuath leis sleamchúis agus siléig. Agus cé gur...Read More