Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Slad na hAoine
Tá Slad na hAoine linn arís, agus tá réimse mór leabhar — idir shean is nua, leabhair do pháistí is do dhaoine fásta — ar fáil ar lascaine ar an suíomh do shladmhargadh dheireadh seachtaine deiridh na Samhna. Manaigh na hÉireann is Fealsaimh na Gréige Ar na leabhair is nuaí, tá úrscéal breá nua Dhiarmada Johnson Ceallach, a thugann siar agus soir go croílár na hEorpa sinn i gcomhluadar Cholumbanus. Leabhar í seo a thaitneoidh go mór le léitheoirí a...Read More
-
Siúrmó Tagtha i dTír!
Enfin! Tá an dara húrscéal le Jean-Claude Izzo tagtha ó na clódóirí — Siúrmó, scéinséir mór gréine mar a bhí sa chéad úrscéal, Kíor Thuathail — agus é aistrithe go binn blasta ag Bernadette Nic an tSaoir dúinn. Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus so- craíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian. Ach...Read More
-
‘Go Deireanach, Oíche Nollag’
Deirtear gur ar thuras i gcarr sleamhnáin sa sneachta a chum Clement Clarke Moore an dán clúiteach ‘Go Deireanach, Oíche Nollag’. Ar nuachtán an New York Sentinel sa bhliain 1823 a foilsíodh an dán den chéad uair. Níor cuireadh ainm an údair leis agus ba faoin teideal ‘A Visit from St Nicholas’ (Cuairt San Nioclás) a foilsíodh é. Ach is mar ‘Twas the Night Before Christmas’ nó ‘Go Deireanach, Oíche Nollag’ is fearr aithne air ó shin. An Dán is...Read More
-
Údair faoi agallamh ag an Oireachtas
Ag an Oireachtas i gCill Airne ar an Satharn 5 Samhain a eagrófar mórsheoladh Leabhar Breac. Tar éis agallaimh leis na húdair, seolfaidh an Dr Róisín Ní Ghairbhí na trí leabhar, Tóraíocht na Dea-Bheatha le hAntain Mac Lochlainn, athchóiriú Bhreandáin Uí Chróinín ar Cath Fionntrá le Pádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac), agus Ré na bhFathach le Colm Ó Ceallacháin. Réimse Údar agus Leabhar Is í an léachtóir as Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach, an Dr Róisín Ní Ghairbhí, a...Read More
-
Ogham
Sean-aibítir í an tOgham (nó oghamchraobh), a bhíodh in úsáid roimh theacht na Críostaíochta go hÉireann, sa tréimhse idir A.D.300 A.D. agus A.D.600. De réir na saineolaithe, rúnscríbhinn í a bunaíodh ar aibítir na Laidine. Tá inscríbhinní oghaim le feiceáil ar chlocha in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i Sasana, agus ar Oileán Mhanann, ach is in Éirinn is mó atá siad, agus is i gCúige Mumhan is mó atá na hinscríbhinní oghaim sin [caption id="attachment_15648" align="alignleft" width="300"] Aibítir...Read More
-
Súil an Daill ar an nGearrliosta
Tá ríméad orainn i Leabhar Breac go bhfuil sé fógartha go bhfuil an t-úrscéal nua le Darach Ó Scolaí, Súil an Daill ar an ngearrliosta don An Post Irish Book Awards. Tréaslaímid an t-ainmniúchán leis an údar, agus le gach uile dhuine a bhí ag obair linn ar an leabhar, Clódóirí Lurgan i nDoire Né, MeasMedia ar an gCeathrú Rua, an dearthóir, Caomhán Ó Scolaí, eagarthóirí, agus dáileoirí. Ar na leabhair eile ar an ngearrliosta, tá EL le Thaddeus Ó...Read More
-
The 5 Best Irish Language Books for Beginners
Adult beginners have the difficult task of finding Irish language books that are easy enough to read but that are interesting enough for a sophisticated adult reader. Not as easily said as done. However, Leabhar Breac has a number of High Interest / Low Vocabulary books (Hi-Lo) that should keep adults reading. So, what are the 5 best Irish language books for beginners? No 1: Bithiúnaigh Bithiúnaigh (Rogues) by Peadar Ó Cualáin (awarded the first prize, Oireachtas 2007), a fantasy...Read More
-
Féile na Leabhar 2022
Sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar 16-17 Meán Fómhair a tionóladh féile litríochta Leabhar Breac. Páirteach i gceithre sheisiún a reáchtáladh thar dhá lá, bhí dháréag de scríbhneoirí agus aistritheoirí na Gaeilge, chomh maith le slua breá léitheoirí a d'fhreastail ar na himeachtaí. Triúr aistritheoirí aitheanta a bhí ar an gcéad phainéal, Muiris Ó Raghallaigh, Antain Mac Lochlainn agus Labhrás Ó Finneadha agus iad faoi stiúir ag an gceathrú haistritheoir, Alan Titley. Sa seisiún a mhair uair an chloig, pléadh...Read More
-
Cuairt San Nioclás ar Lascaine Speisialta!
I gceiliúradh ar bhronnadh Ghradam de Bhaldraithe ar Cuairt San Nioclás, tá an leabhar ar fáil ar lascaine speisialta go deireadh na míosa seo. Is sa dán clúiteach 'Oíche Nollaig go Deireanach' nó 'Twas the Night Before Christmas' le Clement Clarke Moore a ainmníodh den chéad uair ocht bhfia Shan Nioclás: TINTREACH, TOIRNEACH, RUÓG, RADAIRE, CÓIMÉAD, CÚIPID, RUAGAIRE, PREABAIRE. Agus níl trácht ar bith ann ar Rudolf, fia nár tháinig i gceist go dtí 1939 nuair a scríobh Robert L....Read More
-
Eachtraí as Oileán na Rún!
Brian Ó Broin, Údar ildánach ar Oileán na Rún Samhradh ciúin in Éirinn? Beag seans! Tá ceann de sheoda móra na tíre goidte as an Ard-Mhúsaem agus tá cailís ríluachmhar imithe ó láthair sheandálaíochta ar oileán ar Loch Deirgeirt. Tá ceangal mistéireach idir an dá eachtra gadaíochta sin agus seanteach i mBaile Átha Cliath, agus is iad Mac Dara agus Ána amháin, beirt déagóirí ar cuairt as Nua-Eabhrac, a thuigeann an ceangal sin. Ach an dTiocfaidh Ána agus Mac Dara...Read More