Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Tá siad ag Teacht!
"Tá siad ag teacht!" Táid ar an bhfarraige — Dáire Donn, Rí an Domhain, agus an cabhlach ollmhór atá bailithe le chéile aige chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn. Tá Sluaite Rí an Domhain ar an Toinn Anois agus an uile thír faoina smacht ag Dáire Donn, Rí an Domhain, ach Éire amháin, tá cloiste aige go bhfuil cúis ag Rí na Fraince ar Fhionn mac Cumhaill – i dtaobh gur thug a bhean agus a iníon grá d’Fhionn agus...Read More
-
Tóraíocht na Dea-Bheatha Tagtha ó na Clódóirí
"Cad is aidhm don fhealsúnacht? Cuir an cheist sin ar fhealsaimh acadúla inniu agus tabharfaidh siad freagra de réir a réimse speisialtachta féin. Rachaidh sé dian ar dhaoine nach scoláirí oilte iad meabhair ar bith a bhaint as na freagraí céanna mar, ach oiread lena gcomhghleacaithe i ranna ollscoile eile, bíonn fealsaimh ghairmiúla ag plé le réimsí taighde atá sainiúil amach is amach. Is de nádúr na hoibre go mbíonn béarlagair dá gcuid féin ar bharr a bpinn is a...Read More
-
Fontenoy na Bruiséile!
Dhá chéad seachtú seacht bliana tar éis an chatha, tá úrscéal Liam Mhic Cóil, FONTENOY, a cheiliúradh sa Bheilg inniu. Ag ócáid de chuid Éigse na Bruiséile, sa Bassin, Quai aux Briques, léifidh Liam Mac Cóil sleachta as an úrscéal a ghnóthaigh Gradam Uí Shúilleabháin 'Leabhar na Bliana' 2006 agus atá áirithe ag Comhar ar “na deich leabhar is fearr ó chasadh an chéid”. Ina chuideachta, beidh an scríbhneoir agus ceoltóir Diarmuid Johnson, fear a chasfaidh cúpla port ar an...Read More
-
Comóradh Chath Fionntrá ag Féile na Bealtaine
I bhFionntrá an deireadh seachtaine seo, déanfaidh Féile na Bealtaine ceiliúradh agus comóradh ar cheann de scéalta móra na fiannaíochta agus, go deimhin, ar cheann de scéalta móra na tíre, faoin teideal 'Cuimhne Chath Fionntrá / Rememberance of The Battle Of Ventry'. Ceann de mhórscéalta na Fiannaíochta é Cath Fionntrá. I lámhscríbhinn ón 15ú haois a caomhnaítear an leagan is sine, leagan sa Nua-Ghaeilge Mhoch a bunaíodh ar ábhair níos sine fós. An Cath á Chomóradh ag Ealaíontóirí agus Ceoltóirí Sa...Read More
-
Féile Bríde, Féile na Leabhar
Nós réasúnta nua is ea 'Leabhra Feabhra', nó leabhar a bhronnadh ar chara nó ar dhuine muinteartha i mí na Féile Bríde. Ní hé sin le rá nach gníomh seanbhunaithe é óir bhí cáil na flaithiúlachta agus cáil an léinn ar Ghaeil riamh, agus an-dílseacht acu d'fhéilte móra na bliana. "Le gach Bó a Bóín, le gach Leabhar a Mac-Leabhar" Go deimhin is é Colmcille is mó a luaitear le leabhair, an naomh a chuaigh chun cogaidh mar gheall ar...Read More
-
Mí na Féile Bríde, Mí na Leabhar
Nós réasúnta nua is ea 'Leabhra Feabhra', nó leabhar a bhronnadh ar chara nó ar dhuine muinteartha i mí na Féile Bríde. Ní hé sin le rá nach gníomh seanbhunaithe é óir bhí cáil na flaithiúlachta agus cáil an léinn ar Ghaeil riamh, agus an-dílseacht acu d'fhéilte móra na bliana. "Le gach Bó a Bóín, le gach Leabhar a Mac-Leabhar" Go deimhin is é Colmcille is mó a luaitear le leabhair, an naomh a chuaigh chun cogaidh mar gheall ar...Read More
-
Súil an Daill á Seoladh i mBéal Feirste
Ag ócáid de chuid Fleadh Feirste, Dé Sathairn, sa Chultúrlann i mBéal Feirste, cuireadh an t-úrscéal Súil an Daill i láthair an phobail. Faoi stiúr fhear an tí, Dónall Mac Giolla Chóill, agus le tionlacan ceoil ó phíobaire agus veidhleadóir Bhaile na Scríne, Muiris Ó Brolcháin, rinne Ciarán Ó Pronntaigh an leabhar a sheoladh. Sa Ghailearaí, béal dorais leis an siopa leabhar, An Ceathrú Póilí a reachtáileadh an ócáid. I láthair, bhí lucht a léite agus a pléite, litterati agus...Read More
-
Súil an Daill Seolta sa Chultúrlann
Ag ócáid sa Chultúrlann i mBéal Feirste Dé Sathairn, cuireadh an t-úrscéal Súil an Daill i láthair an phobail. Faoi stiúr fhear an tí, Dónall Mac Giolla Chóill, agus le tionlacan ceoil ó phíobaire agus veidhleadóir Bhaile na Scríne, Muiris Ó Brolcháin, rinne Ciarán Ó Pronntaigh an leabhar a sheoladh. Sa Ghailearaí, béal dorais leis an siopa leabhar, An Ceathrú Póilí a reachtáileadh an ócáid. I láthair, bhí lucht a léite agus a pléite, litterati agus luminari na cathrach. Úrscéal...Read More
-
Éist le Glór Shuibhne
Gearrliosta Ghradaim Irish Book Awards Cúis cheiliúrtha é leabhar nua Fheargail Uí Bhearra, Mé Suibhne, a fheiceáil ar ghearrliosta na hIrish Book Awards, leabhar ina bhfuil, mar a dúirt Meidhbhín Ní Úrdail fúithi in Comhar na míosa seo, 'os cionn 600 bliain de litríocht na Gaeilge a chur ar fáil go máistriúil arís do phobal comhaimseartha na Gaeilge'. Níl aon dabht ach go bhfuil díol gradaim sa leagan comhaimseartha seo de sheanscéal Shuibhne. Fógrófar an buaiteoir an mhí seo chugainn....Read More
-
Dún Geanainn, Céadaoin an Bhraith
“Tá ordú againn Conchúr Mac Ardail a thabhairt linn,” D”éirigh an t-eochróir ina sheasamh. “Is le hÓ Néill an giall seo,” ar sé. Dhlúthaigh na hóglaigh ina thimpeall go bagrach gur shín sé an eochair chucu. Tugadh Conchúr amach ina mhaol, a shúile á gcosaint ar sholas an lae aige agus é ag imeacht roimhe go tuisleach. Rinne Conchúr Óg iarracht a athair a leanúint agus buaileadh iarraidh de chrann sleá air, á leagan go hurlár an chillín. Dúnadh an...Read More